We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Official Languages Bill delay

Summary

Catherine Martin asked when the Official Languages Bill would be completed and whether the Minister would meet Irish-language groups. Seán Kyne said the Bill was a top departmental priority and explained that drafting delays were tied in part to Brexit-related legal work.

Ar an 11 Feabhra seo caite, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil sé "go hiomlán míshásúil" go bhfuil pobal na Gaeilge fós ag brath ar Acht teanga nach bhfuil "sách láidir". Tá breis is seacht mbliana caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sár-obair déanta ag Conradh na Gaeilge, ach go háirithe, moltaí a chur le chéile ar scéim ghinearálta agus ar cheannteidil Bille na dteangacha 2019. Cén uair a bheidh an Bille sin críochnaithe agus curtha chun cinn? An mbuailfidh an tAire le pobal na Gaeilge chun an Bhille a fheabhsú? Is í seo Seachtain na Gaeilge 2019 agus fós tá ríomhairí ag an Státseirbhís nach bhfuil in ann síneadh fada a chur ar ainm duine, fiú i liostaí de chuid an CSO. Tuigim an brú atá ar an Rialtas mar gheall ar an mBreatimeacht. Dúradh leis an Dáil seo nach raibh aon ghá ann Roinn na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta a lua sa reachtaíocht atá á tabhairt isteach chun déileáil leis an mBreatimeacht. Is beag an t-iontas go bhfuil imní ar an gCoimisinéir Teanga go gcaillfidh lucht labhartha na Gaeilge muinín as an bpróiseas reachtaíochta.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceiste tábhachtaí seo a ardú, go mórmhór i rith Sheachtain na Gaeilge. Tá mé ar an eolas faoi na smaointe atá ag an gCoimisinéir Teanga sa chomhthéacs seo. Aontaím leis go bhfuil frustrachas ar lucht na Gaeilge maidir leis an moill atá ar an mBille atá luaite ag an Teachta. Tá sé ar bharr an liosta sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, bhí a lán oibre le déanamh ag na dréachtóirí in Oifig an Ard-Aighne ar an reachtaíocht atá curtha le chéile i dtaobh an Bhreatimeachta. Cé go bhfuil an próiseas reachtaíochta sin beagnach críochnaithe anois, tá na dréachtóirí ag obair ar na hionstraimí reachtúla faoi láthair. Ina dhiaidh sin, sílim go mbeidh siad ag obair ar a lán Billí cosúil leis an mBille maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé ar bharr mo liosta agus ar bharr liosta na Roinne.

Comment on this