Official Languages Bill timing
Deputy Catherine Connolly asked when the promised Official Languages Bill would be published. The Minister of State said work was still ongoing and that the Bill was expected to be ready before the Government’s final meeting.
Maidir le reachtaíocht atá geallta, chuir sé gliondar ar mo chroí nuair a chuala mé an Taoiseach ag rá an tseachtain seo caite go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla réidh. Níl a fhios agam cén dáta atá i gceist. An féidir leis an Taoiseach soiléireacht a thabhairt dom, mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán? Cén uair a fhoilseofar an Bille?
Comment on this
Táimid fós ag obair ar Bhille na dteangacha oifigiúla. Táimid ag brú ar aghaidh leis. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn. Táimid fós dóchasach go mbeidh sé réidh roimh cruinniú deireanach an Rialtais.