Order of Business
The Leas-Cheann Comhairle offers condolences for Noel Whelan and Brendan Grace and thanks Members for their cooperation before the summer recess.
Sula bogaimid ar aghaidh, thar ceann na dTeachtaí eile, ba mhaith liom cur leis an rún comhbhróin do theaghlaigh Noel Whelan agus Brendan Grace. Ar lámh dheis Dé atá an bheirt acu.
Before me move on, ba mhaith liom, thar mo cheann féin agus thar ceann an Chinn Comhairle, ár mbuíochas a chur in iúl do na Baill as ucht an comhoibriú, an chuid is mó den am, i rith na bliana. Ar ndóigh tá a fhios agam nach laethanta saoire a bheas againn. Ní bheimid anseo sa Dáil ach beimid ag obair sa Dáilcheantar. Táimid ag fáil briseadh ó ghnó na Dála. Bain sult as an tréimhse idir anois agus 17 Meán Fomhair. Go n-éirí go geal libh. Sin teachtaireacht uaim féin agus ón Cheann Comhairle.