We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Aran Islands air service

Summary

Deputy Catherine Connolly sought clarification on the Aran Islands air service contract extension and the procurement process. The Minister of State confirmed a four-month extension to end-January 2020 and said work was continuing on a longer-term contract and on purchasing the airport and lands.

Fiafraím den Aire, nó den Taoiseach, soiléiriú a thabhairt faoin aersheirbhís do na hOileáin Árann agus an síneadh conartha a bhaineann leis. Chomh fada agus atá sé ina sheasamh, an dtabharfaidh an tAire soiléiriú maidir leis an bpróiseas ceannacháin freisin?

Comment on this
Seán Kyne Minister of State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Mar is eol don Teachta, tá síneadh breise ceithre mhí sínithe don chonradh seirbhíse d’Aer Arann, suas go deireadh mí Eanáir 2020. Ina dhiaidh sin, beimid ag breathnú ar chonradh fadtéarmach agus tá muid fós ag brú ar aghaidh leis an iarratas chun an t-aerfort agus na haerstráice sna Mine a cheannach ar son an Stáit.

Comment on this