Louth Gaelcholáiste staffing
Deputy Breathnach sought a pilot scheme to address the shortage of bilingual teachers and support Gaelcholáistí in Louth. Minister of State Kyne said the matter was primarily for the Education Minister but he would discuss it and was aware of its importance.
Tá gealltanas sa chlár Rialtais go gcuirfí chun tosaigh ár dteanga dhúchais. Tá deacrachtaí ar fud na tíre, agus i gContae Lú ach go háirithe, maidir le Gaelcholáistí, toisc nach bhfuil go leor múinteoirí dátheangacha ann agus nach bhfuil daltaí ag dul ó na bunscoileanna go dtí na haonaid. Iarraim ar an Rialtas scéim phíolótach a chruthú in aonad Choláiste Lú i gColáiste Chú Culainn agus comhoibriú a dhéanamh le Louth and Meath Education and Training Board agus an Foras Patrúnachta chun réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. If we do not address the issue of dual language teachers, we will not be able to meet that commitment in every county. I, therefore, ask the Taoiseach to seriously examine this issue.
Comment on this
Is ceist é seo don Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta McHugh, ach táim sásta é a phlé leis mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as cúrsaí Gaeilge. B'fhéidir go mbeidh sé in ann casadh le Teachtaí ó Chontae Lú chun an cheist seo a phlé. Tá a fhios agam go mbaineann tábhacht ar leith leis an gceist, leis na seirbhísí seo, agus leis na haonaid trasna na tíre. Táim sásta é sin a phlé leis an Aire.