We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

Junior cycle Irish exam paper

Summary

Deputy Ó Snodaigh objected to the State Examinations Commission's junior cycle Irish paper, calling it a demotion of the language and an insult to teachers and pupils. The Minister said he had seen the concerns, was in contact with his offices and the SEC, and would come back when he had more information.

An nglacfaidh an Rialtas seasamh ar mhaithe leis an nGaeilge sa chóras oideachais? An ndéanfaidh sé impí ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit tarraingt siar ón bpáipéar scrúduithe a d'fhoilsigh sé an tseachtain seo don tsraith shóisearach? Tá múinteoirí Gaeilge ag rá go soiléir go bhfuil ísliú céime i gceist leis an bpáipéar sin, go bhfuil sé scannalach, agus cur ceap magaidh é. Iompóidh sé daltaí i gcoinne an teanga náisiúnta. Tá sé tubaisteach go bhfuil an cúrsa sóisearach fós dírithe ar an litríocht seachas ar an teanga labhartha.

Comment on this

Gabhaim buíochas as an cheist. Chonaic mé an ráiteas san Irish Times inné faoin imní atá ar na múinteoirí scoile uilig. Bhí mé i dteagmháil le mo chuid oifigí agus leis an State Examinations Commission, SEC. Dá mbeinn in ann solúbthacht ná cuidiú a chur ar fáil maidir leis an scéal sin faoin teastas sóisearach, bheinn sásta é sin a dhéanamh. Maidir le cúrsaí an lae inné, tá am ann fosta. B'fhéidir go mbeadh breis ama de dhíth. B'shin an fhadhb a bhí ann inné. Tiocfaidh mé ar ais nuair atá níos mo eolais agam.

Comment on this