We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Official Languages Bill

Summary

Deputy Connolly pressed for delivery of the Official Languages Bill after repeated promises and complained about uneven speaking time. The Taoiseach confirmed the Bill had been approved by Cabinet and would be published to begin the legislative process.

Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

I call Deputy Catherine Connolly.

Comment on this

Ní mór dom a rá, a Leas-Cheann Comhairle, go bhfuil sé deacair cloí leis na rialacha ó thaobh ama de nuair a ligtear don Taoiseach agus do cheannaire Pháirtí Fhianna Fáil dul thar am i gcónaí. Maidir le Bille na dteangacha-----

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

Bhí mé ag iarraidh srian a chur orthu. Dúradh nach raibh mé ag tabhairt go leor ama dóibh.

Comment on this

Tuigim go ndearna an Leas-Cheann Comhairle a dhícheall ach, d'ainneoin sin-----

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

Níl sé furasta.

Comment on this

Níl sé furasta ach b'shin post an Leas-Cheann Comhairle.

Maidir le Bille na dteangacha oifigiúla, thug an Taoiseach geallúint shollúnta an bhliain seo caite go mbeidh sé foilsithe roimh an Nollaig. Thug sé geallúint eile i mí Lúnasa go mbeidh sé foilsithe roimh an samhradh agus geallúint eile fós go mbeidh sé foilsithe roimh an Nollaig seo. An mbeidh sé ag comhlíonadh a chuid dualgas agus geallúintí maidir le Bille na dteangacha oifigiúla agus an mbeidh sé foilsithe an tseachtain seo nó cén dáta a foilseofar é?

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

Bainfimid triail amárach chun 30 soicind a thabhairt do gach duine agus b'fhéidir-----

Comment on this

Ní ceart an milleán a chur orainn. Níor sháraigh mise an t-am riamh ach sháraigh an Taoiseach agus ceannaire Pháirtí Fhianna Fáil é.

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

Fág agamsa é, a Theachta. Glaoim anois ar an Taoiseach labhairt.

Comment on this
Leo Varadkar The Taoiseach Fine Gael

Maidir le Bille na dteangacha oifigiúla, leagadh é faoi bhráid an Rialtais maidin inniu. Tá áthas orm gur tugadh cead é a fhoilsiú agus tús a chur leis an bpróiseas reachtaíochta san Oireachtas. Is céim mhór chun tosaigh í seo.

Cinnteoidh an Bille nua go leanfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla de bheith ina thacaíocht do gach duine ar mhian léi nó leis seirbhísí d'ardchaighdeáin i nGaeilge a fháil ón Stát.

Creidim féin agus creideann an Rialtas go ndéanfaidh an reachtaíocht difríocht mhór don Ghaeilge agus do shaol na Gaeilge sa tír seo. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Kyne, agus don Roinn as an obair atá déanta acu air seo.

Comment on this