Inflation and European solidarity
A Deputy argues that inflationary pressure on families, transport, farming and heating predated the war and calls for European solidarity on economic supports. The Taoiseach agrees inflation is hitting households hard and stresses the need to help Ukraine while easing pressure at home.
Tá costais boilscithe ag cur an-bhrú ar dhaoine ar fud na tíre, idir dhíosal, pheitreal agus go leor eile ar nós córas iompair, feirmeoireachta, tógála, agus go háirithe daoine a bhíonn ag taisteal isteach agus amach ag obair go laethúil nó ag iarraidh an teach a théamh. Bhí an brú sin ann i bhfad roimh an gcogadh uafásach san Úcráin. Cinnte, cabhróidh an chéim atá á tógáil ag an Rialtas anois faoiseamh a thabhairt do dhaoine le cuid de sin, ach is fadhb í ar fud na hEorpa. Chonaiceamar an tslí ina raibh an Eoraip in ann seasamh le chéile ar son na hÚcráine, agus seasamh le chéile ó thaobh an vacsaín a chur ar fáil. An féidir leis an Eoraip seasamh le chéile agus céimeanna éigin a thógáil maidir leis an gcostas boilscithe agus go gcuirfeadh sé faoiseamh breise ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh taisteal chun na hoibre nó an teach a théamh?
Comment on this
Is féidir leis an Eoraip teacht le chéile, agus is iontach an scéal é go bhfuil an méid sin aontais ann agus go bhfuilimid go léir ag obair le chéile maidir leis an méid atá déanta ag an Rúis ar an Úcráin. Is uafásach an scéal é go bhfuil cogadh ag an am seo agus go bhfuil a lán daoine ag fulaingt de dheasca an chogaidh seo. Caithfimid gach rud a dhéanamh ar dtús chun é sin a ísliú agus chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine.
Mar aon leis sin, aontaím leis an Teachta go bhfuil brú faoi leith ar mhuintir na tíre seo ó thaobh cúrsaí ola de agus praghsanna ag dul in airde lá i ndiaidh lae. Níl aon dul as. An pacáiste atá foilsithe ag an Rialtas inniu, is cabhair a bheidh ann. Is cabhair an-mhór é chomh maith an rud a rinneamar mí ó shin, chun iarfheistiú a dhéanamh ar suas le 500,000 teach. Beidh muid ag déanamh scrúdaithe ar a lán nithe a bhaineann leis seo sna seachtainí atá le teacht.