We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

Inis Mór sewage problems

Summary

Deputy Farrell raised environmental and health concerns about inadequate sewerage and wastewater treatment on Inis Mór. The Taoiseach said the Government had supported the island for years and would engage with residents and continue contact on the needed services.

Ba mhaith liom aird an Taoisigh a tharraingt ar chúrsaí séarachais ar Inis Mór, atá ag truailliú na timpeallachta agus ag cur isteach ar shláinte mhuintir an oileáin. Tá leithris phoiblí nua, córas séarachais chuí do thithe Chill Rónáin agus córas séarachais rialaithe ag teastáil, chomh maith le plean do chóras cóireála fuíolluisce. An ndéanfaidh an Taoiseach fiosrú ar an bhfadhb seo agus an gcinnteoidh sé go mbeidh an obair atá ag teastáil ar chóras séarachais Inis Mór déanta i gceart?

Comment on this

Le fada an lá, agus i rith na mblianta, táimid tar éis an-chuid tacaíochta a thabhairt d’Inis Mór agus do na hoileáin ar fud na tíre. Bheinn sásta déileáil le muintir an oileáin arís ó thaobh seirbhísí agus an méid atá ag teastáil. Beidh an Rialtas ag déanamh teagmhála leo.

Comment on this