Electoral Reform Bill amendments
Deputy Ó Cathasaigh asks whether the Minister has consulted the Irish-language sector and will strengthen the Electoral Reform Bill at committee stage. The Minister says he has met Conradh na Gaeilge, is preparing amendments, and hopes to improve the Bill substantially, including its title and the new electoral commission.
Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire maidir leis an mBille um Athchóiriú Toghcháin, 2022, atá ag dul tríd an Oireachtas faoi láthair. Luaigh mé laigí sa Bhille sin nuair a labhair mé faoi ar an Dara Céim, sé sin, nach bhfuil sé láidir go leor, mar a sheasann sé, maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht. An bhfuil an tAire tar éis labhairt le daoine san earnáil Ghaeilge faoi na laigí sa Bhille? An bhfuil sé ar intinn aige leasuithe a thabhairt isteach ar Chéim an Choiste chun an ghné seo den Bhille a neartú?
Comment on this
Bhíomar ag caint faoi na rudaí seo cheana. Bhuail mé le Conradh na Gaeilge sa Spidéal coicís ó shin agus phléamar na leasuithe a bheidh mé ag cur isteach sa Bhille. Táim ag obair air sin anois. Tá súil agam go mbeidh mé in ann leasuithe tábhachtacha a chur isteach sa Bhille, go mór mór ó thaobh teideal an Bhille. Ba mhaith liom an coimisiún um thoghcháin a thabhairt ar an gcoimisiún nua. Tá leasuithe eile ann agus táim ag obair orthu sin. Táim cinnte go mbeidh mé ábalta an chuid is mó de na leasuithe a dhéanamh ar Chéim an Choiste.