Gaeltacht Garda staffing
Deputy Moynihan said a sergeant position in the Muscraí Gaeltacht remained unfilled despite qualified applicants and commitments on Irish-language service. The Taoiseach said he would investigate the delay with the Minister, Garda and Commissioner.
Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Garda ábalta teagmháil a dhéanamh le pobal na Gaelainne agus tá Coimisinéir an Gharda tar éis a rá go ndéanfadh an Garda feabhas ar chúrsaí. Bhí ceapacháin sáirsintí déanta ar fud na tíre roimh an samhradh agus tá panel ar fáil anois, ó thús na bliana, do sáirsintí a cheapadh, daoine le Gaelainn ina measc. Ach fós níl sergeant ceaptha i mBaile Bhuirne agus i gcomhair Ghaeltachta Mhúscraí, in ainneoin is go bhfuil daoine ar fáil. Tá an Garda tar éis a soiléiriú go bhfuil sé ag cur riachtanais eile os comhair phobail na Gaelainne. Is mithid do na gardaí bogadh ar aghaidh agus sáirsint nua a cheapadh. Cén fáth an moill leanúnach, go háirithe nuair atá daoine ar fáil? Cathain a dhéanfaidh an Garda de réir mar a deir Coimisinéir an Gharda go ndéanfaidh sé? Is é sin freastail ar phobal na Gaelainne.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar tábhachtach seo a ardú. Is trua liom nach bhfuil an post seo líonta fós. Níl a fhios agam cén fáth ach déanfaidh mé é sin a fhiosrú leis an Aire, leis an Garda agus le Coimisinéir an Gharda cad é an fhadhb atá anseo. Go ginearálta táimid ag tabhairt níos mó áiseanna don Gharda, go háirithe an polasaí atá ag an nGarda ná daoine a bhfuil cumas na Gaeilge acu, go mbeidh siadsan in ann seirbhísí a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus cúnamh a thabhairt dóibh le seirbhísí sna stáisiúin laistigh de na Gaeltachtaí. Déanfaidh mé fiosrúcháin chun eolas cruinn a fháil maidir leis an bpost faoi leith atá luaite ag an Teachta i gcomhthéacs Bhaile Bhuirne.