Áras Mhic Dara day centre
Catherine Connolly raised the continued closure of the Áras Mhic Dara day centre in the Gaeltacht after repeated promises it would reopen. The Taoiseach said he would ask the Minister to contact her and provide a proper answer.
Faraor géar, tá orm ceist an ionaid lae i gcroílár na Gaeltachta, in Áras Mhic Dara, a ardú arís. Tá sé ardaithe agam cheana leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, leis an Aire agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is é croílár na ceiste ná go bhfuil an t-ionad lae seo dúnta le breis agus trí bliana anois, ó aimsir Covid. Is seirbhís bhunúsach í i lár na Gaeltachta. Fuair mé gealltanas ón Taoiseach agus ón Tánaiste go dtiocfaidís ar ais chugam. Fuair mé gealltanas ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeadh sé oscailte ag tús na míosa seo. Faraor, tá sé fós dúnta.