We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

Áras Mhic Dara medical centre

Summary

Deputy Connolly says the reopened Áras Mhic Dara centre still has very limited GP access and unused nursing home beds. The Minister says he will refer the matter to the Health Minister and revert shortly.

Ba mhaith liom an t-ionad leighis in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a ardú arís mar tá sé ardaithe go mion minic agam. Faoi dheireadh, tá beagáinín dul chun cinn déanta agus tá sé oscailte an tseachtain seo tar éis é a dhúnadh trí bliana ó shin. Is rud maith é sin ach níl ach ceathrar ag freastal ar an ionad in ainneoin an éilimh atá ar an talamh, dar leis na dochtúirí teaghlaigh. Tá teach altranais ann freisin agus tá cúig leaba folamh leis na blianta, rud a chuir iontas ar an Aire Stáit, an Teachta Butler, nuair a bhí sí ann i rith an tsamhraidh. Táim ag rá go bhfuil beagáinín dul chun cinn déanta ach tá gá lé súil ghéar ón Aire agus ón Aire Stáit chun a chinntiú go mbeidh an t-ionad oscailte go hiomlán chomh sciobtha agus is féidir agus fáil réidh leis na leapacha atá dúnta.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn beag ann anois. Cuirfidh mé an cheist ar aghaidh go dtí an tAire Sláinte faoi Áras Mhic Dara agus beidh mé ar ais chuici go luath.

Comment on this