We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

Údarás na Gaeltachta elections

Summary

Deputy Ó Cuív asked when legislation will restore elections to the Údarás na Gaeltachta board, noting work had already been done on a draft Bill. The Tánaiste said he did not have the exact timetable but would inquire and report back.

Nuair a bhí an tAire Stáit, an Teachta Chambers, mar Aire Stáit don Ghaeltacht, rinne sé go leor oibre ar réiteach agus ar phlean le haghaidh reachtaíocht a thabhairt isteach le haghaidh na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais. D'fhoilsigh sé cinn an Bhille, pléadh iad ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus cuireadh tuarascáil ar fáil mí Iúil seo caite. Bhí dóchas ann ag an am go mbeadh reachtaíocht ar fáil agus é achtaithe sa dá Theach le go mbeadh sé ina dlí in am do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn le go bhféadfadh bord an údaráis a thogh ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla ar an 9 Meitheamh 2024. An bhféadfadh an Tánaiste a rá liom cén uair a fhoilseofar Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 agus cén uair a bheidh deis againn é a phlé sa Teach seo le go gceadófar é?

Comment on this

Níl an t-eolas cruinn agam ó thaobh cén am a bheidh an Bille réidh. Tá siad ag obair ar an mBille agus déanfaidh mé fiosrú air sin. Tá a fhios agam cad atá á rá ag an Teachta. Ina thuairim bhí an dealramh ar an scéal go mbeadh na toghcháin ar siúl leis na toghcháin áitiúla agus go mbeadh an reachtaíocht réidh agus tríd na Tithe roimhe sin. Déanfaidh mé fiosrú air sin agus beidh mé ar ais chuig an Teachta.

Comment on this