Údarás na Gaeltachta elections
Deputy Moynihan asked about restoring elections to Údarás na Gaeltachta. The Minister of State said the Government had decided elections would be held in 2024 and that he would return to Government and the committee with the Bill’s heads.
Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus guím athbhliain faoi mhaise dó. Táim ag fiosrú faoin mBille maidir leis an toghchán d’Údarás na Gaeltachta. Cuireadh stop le toghchán Údarás na Gaeltachta roinnt blianta ó shin agus is mór an chailliúint a bhí ann. D'oibrigh sé sin nasc idir mhuintir na Gaeltachta agus an údarás agus tá contaetha nach bhfuil aon ionadaíocht acu ar feadh roinnt blianta. Thosaigh an tAire Stáit deireanach ar Bhille nua a thabhairt chun cinn agus tá an coiste Gaeilge tar éis é sin a phlé le breis is sé mhí anois an samhradh seo caite. Tá muintir na Gaeltachta ag tnúth go mór lena vóta a bheith acu chun bord an údaráis a roghnú arís. Mar sin, cathain a bheidh muintir na Gaeltachta ábalta vóta a chaitheamh agus a bheidh an Bille nua do thoghchán d’Údarás na Gaeltachta tagtha chun cinn?
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus leis an Teachta. Mar is eol don Teachta, tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn agus ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an ábhar sin agus, go háirithe freisin, ina measc, leis an údarás féin chun na toghcháin a thabhairt ar ais arís. Tá sé socraithe ag an Rialtas go mbeidh na toghcháin ar siúl in 2024 ach ba chóir dom dul ar ais go dtí an Rialtas go luath maidir leis na ceannteidil don Bhille sin. Beidh mé ar ais arís ag an gcoiste Gaeilge go luath ina dhiaidh sin chun an scrúdú réamhreachtach a phlé amach leis an gcoiste sin. Tá súil agam go mbeidh mé in ann é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir ach, maidir leis an toghchán, beidh an toghchán d'Údarás na Gaeltachta ar siúl in 2024.