Irish language for GRETB schools director
Deputy Farrell argued that Irish should be required for the new schools director post in Galway and Roscommon ETB because of the body’s many Gaeltacht and Irish-medium schools. After clarifying the post and whether anyone was in place, the Tánaiste said he would query the legal position with the Minister.
Tá sé tagtha chun solais nach bhfuil an Ghaeilge éigeantach do phost mar stiúrthóir scoileanna san Galway and Roscommon Education and Training Board, GRETB. Is cúis imní é seo do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelcholáistí. Tá seacht meánscoileanna Gaeltachta agus dhá Ghaelcholáiste taobh amuigh den Ghaeltacht faoin GRETB agus is é seo níos mó ná aon trian de na meánscoileanna Gaeilge ar fad atá sa Stát. Tá dualgas, ar ndóigh, ag scoileanna Gaeilge faoin Acht Oideachais an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú. Cén chaoi go mbeadh stiúrthóir scoileanna gan Ghaeilge in ann a ghnó nó a gnó a dhéanamh leis na scoileanna seo mura bhfuil Gaeilge aige nó aici? An gcreideann an Tánaiste go mbeifear in ann é sin a dhéanamh agus nach dtéann sé sin in aghaidh na ndualgas an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú sna scoileanna sin?
Comment on this
Tá an Rialtas ag déanamh gach aon iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus, go háirithe, áiseanna a chur ar fáil do scoileanna lánGhaeilge agus scoileanna sna Gaeltachtaí. An bhfuil an Teachta ag labhairt faoi scoileanna laistigh de na Gaeltachtaí?
Comment on this
Táim ag labhairt faoi stiúrthóir san GRETB i nGaillimh agus i Ros Comáin, ceantar a bhfuil seacht meánscoil Gaeltachta agus dhá Ghaelcholáiste i gceist.
Comment on this
Is faoin stiúrthóir don phost nua-----
Comment on this
-----do na scoileanna ar fad. Tá duine éigin nua á fhostú i gceann cúpla mí.
Comment on this
Tá an duine bhí ann éirithe as agus maidir leis an bpost seo, níl sé éigeantach go mbeadh Gaeilge ag an duine seo, cé go bhfuil Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí mar chuid den-----
Comment on this
Níl sé éigeantach nó riachtanach don phost nua.
Comment on this
Gabhaim míle buíochas leis an Tánaiste.