Gaeltacht election delay
Deputy Doherty condemned the postponement of Údarás na Gaeltachta elections and asked when they and a chairperson would be appointed. The Tánaiste said the legislation was not ready yet and defended the new minister's handling of the issue.
Is é an Tánaiste ceannaire Fhianna Fáil. Is é an chéad chinneadh atá glactha ag an Aire Stáit úr ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht ná toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt siar. Tá sé sin náireach agus scannalach. Ní bheidh toghcháin Údarás na Gaeltachta anois ag tarlú ar 7 Meitheamh leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha mar a bhí geallta ag páirtí agus Rialtas an Tánaiste. Mar a dúirt mé, tá sé scannalach. Ag tús 2023, foilsíodh ceannteidil Bhille le daonlathas a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht. An tseachtain seo, d'fhoilsigh an Rialtas na ceannteidil arís. Bhí a fhios aige ó seacht mí ó shin go raibh folúntas ar bhord Údarás na Gaeltachta agus nach raibh cathaoirleach chun a bheith ar an mbord sin. Seacht mí ina dhiaidh sin, níl cathaoirleach againn go fóill. Tá ceist agam ar an Tánaiste. Cén uair a bheidh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta? An bhfuil cliú ag an Tánaiste cén uair a bheidh toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta?
Comment on this
Cén uair? When will there be an election? Tá a fhios agam nach ionann Gaeilge Thír Chonaill agus Gaeilge Chorcaí ach cén uair a bheidh na toghcháin ann agus cén uair a bheidh cathaoirleach ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta?
Comment on this
Tá brón orm. Tá canúint Dhún na nGall ag an Teachta agus is é canúint Chorca Dhuibhne atá agam féin so bíonn deacrachtaí anois agus arís. Ar dtús báire, déanaim comhghairdeas leis an Teachta Thomas Byrne as ucht a bheith tofa mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht. Tá dúil faoi leith aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá an méid infheistíochta atá á chur isteach ag an Rialtas seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Maidir leis na toghcháin, níl an reachtaíocht réidh go fóill. Caithfidh an tAire Stáit a bheith macánta le daoine. Níl an dealramh ar an scéal go mbeidh an reachtaíocht réidh roimh na toghcháin áitiúla. Is é sin bun agus barr an scéil. Beidh an reachtaíocht ag teacht. Tugaim geallúint go gcuirfimid i bhfeidhm é roimh dheireadh an tseisiúin seo, is é sin, roimh an samhradh. Is é sin atá faoi chaibidil ag an Aire Stáit.