Siamsa Tíre ownership
Deputy Pa Daly raised concern that Siamsa Tíre in West Kerry might be sold despite its cultural importance to the Gaeltacht. The Tánaiste said he would speak to the Minister for the Gaeltacht and look into the matter, acknowledging its value to the community.
Ba mhaith liom ceist a chur ort maidir le Teach Siamsa na Carraige in iarthar Chiarraí. Tá a fhios againn go bhfuil deacrachtaí airgeadais i Siamsa Tíre agus bhí bord Shiamsa Tíre chun é a dhíol. Teastaíonn ón bpobal i gCorca Dhuibhne é a choimeád i seilbh an phobail agus gan é a dhíol. Is achmhainn thábhachtach é don phobal in iarthar Chiarraí ó thaobh an Ghaelainn, an rince, an ceol, an amhránaíocht agus an drámaíocht a mhúineadh de agus bhí na céadta leanaí ag foghlaim na tradisiúin dúchais ann agus ag iarraidh iad a chaomhnú. Tá a lán féilte beaga chomh maith i gCorca Dhuibhne agus tá easpa áiseanna ann. Given the Government's intentions in its recent Irish language arts strategy it would be a shame if this key piece of infrastructure, Teach Siamsa na Carraige, were to be lost or overlooked. Will the Tánaiste make every effort to make sure it remains available to the public?
Comment on this
Go raibh maith ag an Teachta as ucht an cheist thábhachtach seo a ardú. Beidh mé ag caint le hAire na Gaeltachta, Thomas Byrne, go háirithe i gcomhthéacs na ceiste seo. Admhaím gur áis thábhachtach é seo do mhuintir Chorca Dhuibhne. Níl cúlra an scéil agam ina iomláine ach déanfaidh mé an cheist a fhiosrú. Bhíos i gCorca Dhuibhne le déanaí in Ionad an Bhlascaoid. Bhí an Rialtas sásta an-chuid infheistíocht a chur isteach in Ionad an Bhlascaoid agus tá torthaí an-mhaith ag teacht as. Táimid báúil le níos mó áiseanna a chur ar fáil do na Gaeltachtaí agus go háirithe do Chorca Dhuibhne.