We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

Inis Oírr ambulance

Summary

Deputy Farrell asks for an ambulance for Inis Oírr, arguing the island’s needs are not met by using vehicles already on the island. The Tánaiste says he will speak to the Health Minister and see whether funding can be found.

Bhí sé iontach a bheith ar Inis Mór roinnt seachtainí ó shin i gcomhair sheoladh oifigiúil otharcharr nua Inis Mór. Bhí súil ag muintir Inis Oírr go bhfaigheadh siad sean-otharcharr Inis Mór ach ní bhfuair mar gheall go raibh sé i ndroch-chaoi. Tuigim sin ach is léir go dteastaíonn otharcharr ó Inis Oírr. Tá beagnach 350 duine ar Inis Oírr agus i rith an tsamhraidh bíonn breis agus 3,000 duine ag teacht chuig an oileán ar bhonn laethúil. Faoi láthair, úsáidtear feithiclí atá ar an oileán ach ní léiríonn sé sin an meas agus an t-ómós cuí do na hothair agus, ar ndóigh, níl sé praiticiúil ach an oiread. Tuigim go mbeadh costas thart ar €300,000 i gceist. Tá cáinaisnéis an tseachtain seo chugainn agus tuigim go bhfuil airgead sa chiste. An féidir leis an Teachta Martin, mar Thánaiste agus mar iar-Aire Sláinte oibriú leis na húdaráis chuí chun otharcharr a chur ar fáil ar Inis Oírr?

Comment on this

Mar a dúirt an Teachta, is iontach an scéal é go bhfuil otharcharr nua in Inis Mór anois. Níl aon ionadh orm go bhfuil muintir Inis Oírr ag lorg otharchairr chomh maith. Fuair an tAire Sláinte an-chuid airgid i mbliana agus, faoi láthair, don bhliain seo chugainn tá sé ag lorg níos mó airgid agus áiseanna. De réir dealraimh, tá sé fós ag caint leis an Aire caiteachais, an Teachta Donohoe. Laistigh den mhéid airgid atá aige, b'fhéidir go mbeidh sé in ann níos mó airgead nó infheistíocht a chur ar fáil d'Inis Oírr. Caithfidh mé labhairt leis. Beidh mé sásta labhairt leis agus a rá leis go bhfuil ceist ann anois agus go bhfuil sé mar aidhm ag muintir Inis Oírr otharcharr a fháil.

Comment on this