Gaeltacht housing and language funding
Deputy Doherty argued the budget’s Gaeltacht allocation was far too small to tackle housing and language decline. The Minister said additional support was being provided for Údarás na Gaeltachta and broader Gaeltacht schemes.
Mar iar-Aire Stáit na Gaeltachta, tá a fhios ag an Aire, an Teachta Chambers, nach fiú mórán na pinginí a chaith an Rialtas i dtreo na Gaeltachta sa bhuiséad seo chun tabhairt faoin ngéarchéim tithíochta agus teanga atá ag scrios pobal agus ag díbirt teaghlach as a gceantar dúchais féin. Ar ndóigh, caitheann an Rialtas seo airgead ar na rudaí tábhachtacha, a deir sé, cosúil le púitsí speisialta chun fóin phóca a choinneáil slán sna scoileanna. Gheobhaidh na púitsí agus na fóin phóca seo 50% níos mó maoinithe ná a fógraíodh sa bhuiséad don Ghaeltacht ar an iomlán. Fuair na púitsí fóin €9 mhilliún agus in áit €6 mhilliún don teanga náisiúnta. Tá níos mó measa á thaispeáint ag an Rialtas seo do i-fóin ár bpáistí ná atá siad dár seoid, dár n-oidhreacht agus do thodhchaí na Gaeltachta.
Fiafraím den Aire, cad ina thaobh a bhfuil an Rialtas ag tabhairt níos mó airgid do na púitsí fón ná a d'fhógair sé don Ghaeltacht agus cad é an fáth go bhfuil 50% níos mó maoinithe á thabhairt do na púitsí fóin seo ná an uasmhéid a d'fhógair an tAire don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa cháinaisnéis seo?
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Trí phróiseas an bhuiséid, bhí an tAire Stáit, an Teachta Byrne i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Donohoe, maidir le gach rud sa Ghaeltacht agus tá níos mó tacaíochta á tabhairt chun Údarás na Gaeltachta a fheabhsú maidir leis an obair thábhachtach a dhéanann sé. Tá an buiséad do 2025 6.3% níos fearr nó don bhliain seo agus beidh an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ag obair le gach duine sa Ghaeltacht, i gcontae an Teachta Doherty agus sna contaetha eile, chun níos mó a dhéanamh maidir le scéimeanna teanga, mar shampla, agus go leor polasaithe eile a chur i bhfeidhm.