We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Caiteachas Ranna

180. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán céard iad na haicmí deontais nabh bhfuil fógraithe fós faoin gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt; cén uair a fhógrófar iad; and if she will make a statement on the matter. [40812/24]

Comment on this
Thomas Byrne Minister of State at the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media Fianna Fáil

Ar an 25 Meán Fómhair, d’fhógair mise agus an tAire Martin €230 milliún i ndeontais do chlubanna agus áiseanna spóirt faoi chéim 2 den gCiste Áiseanna Spóirt Poiblí (ar a dtugtaí an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt roimhe seo).

Tá os cionn ceathrú billiúin euro anois leithdháilte ar chlubanna agus áiseanna spóirt pobail in 2024, ag tabhairt san áireamh an leithdháileadh níos luaithe i mbliana de luach €26 milliún a bhain le trealamh amháin, a fhágann gurb ionann an infheistíocht iomlán agus €256 milliún. Leis seo, éascófar an infheistíocht is mó riamh in áiseanna spóirt i bpobail ar fud na hÉireann.

Níl leithdháilte ar bith eile beartaithe taobh amuigh dóibh siúd a d’fhéadfadh teacht as an bpróiseas achomhairc. Ina gcás siúd, theip ar mhórchuid na n-iarratas neamhbhailí toisc nár thug an t-iarrthóir an chaipéisíocht cheart nuair a rinne siad an t-iarratas, nó nuair a tugadh deis eile dóibh é sin a dhéanamh. Cuireadh ríomhphoist chuig iarrthóirí nár éirigh leo inar tugadh na sonraí faoi cén fáth a ceapadh go raibh a n-iarratas neamhbhailí nó cén fáth a diúltaíodh do mhórchuid an deontais a bhí á lorg acu, agus tugadh cuireadh dóibh freisin achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh ma chreideann siad go ndearna an Roinn botún ina measúnú.

Beidh oifigigh ón Roinn ar fáil chun cabhrú le hiarrthóirí le haon soiléirú atá ag teastáil, más mian leo achomharc a dhéanamh.

Comment on this