Written answer
Údarás na Gaeltachta
415. D'fhiafraigh Deputy Thomas Pringle den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cathain a bheidh toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta ar siúl; cad iad téarmaí agus coinníollacha an bhoird a thoghfar, mar shampla, cé na huaireanta agus cén tuarastal a bheidh i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42991/24]
Comment on this
Foilsíodh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 i mí Iúil na bliana seo. Is é cuspóir an leasaithe reachtaíochta atá ar bun toghcháin do bhord an Údaráis a athbhunú agus dá réir tá na critéir a bhaineann le ceapachán comhaltaí chuig an mbord, idir chomhaltaí tofa agus chomhaltaí roghnaithe ar fáil sa Bhille. Is féidir cóip den Bhille agus an meamram míniúcháin a ghabhann leis a léamh ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais. Níl aon dáta socraithe do thoghcháin go fóill agus an próiseas reachtaíochta go fóill idir lámha.
Íocfar táillí le comhaltaí faoi réir threoirlínte atá leagth síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí Sheachadhadh PFN agus Athchóirithe.