We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Seirbhísí Oileán

851. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth a bhfuil srian á chur le líon na n-áiteanna páirceála d’oileánaigh ó Oileáin Árann i Ros an Mhíl agus cén fáth nach bhfuil an socrú mar a bhí sé i bhfeidhm, is é sin go raibh áit pháircéala ag gach oileánach d’ fheithicil amháin, faoi réir coinníollacha na scéime, á chur i bhfeidhm níos mó [44748/24]

Comment on this
Charlie McConalogue Minister for Agriculture, Food and the Marine Fianna Fáil

Tá clár cead páirceáil á chur ar fáil ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl ag mo Roinn do dhaoine a bhfuil Oileáin Árann mar ghnátháit chónaithe acu. Tagann sé seo sna sála ar chomhairliúchán leis na trí Ghrúpa Ionadaíochta Coiste de chuid na nOileán agus an mian atá acu go mbeidh rochtain ag oileánaigh ar charrchlós an Ionaid Iascaigh Cuain. Tagann sé in ionad carrchlóis a d'oibrigh na Coistí faoi cheadúnas go dtí 2021 thar ceann na n-oileánach.

Tá líon na spásanna páirceála carranna a leithdháiltear ar shealbhóirí ceadanna teoranta do 196. Tá 350 cead páirceála eisithe ag mo Roinn anois. Mar a chuir mo Roinn in iúl do Ghrúpaí Ionadaíochta Choiste na nOileán, is é seo uaslíon na gceadanna a eiseofar.

Mar is amhlaidh le haon charrchlós, tá muirir i bhfeidhm san Ionad Iascaigh Cuain, agus ní féidir spásanna a chinntiú d'aon úsáideoir aonair. Tá spásanna páirceála eile sa charrchlós ar fáil mar charrchlós poiblí ag gnáthrátaí páirceála le tuilleadh áiseanna páirceála a oibrítear go príobháideach ar fáil sa gharchomharsanacht.

Comment on this