We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Forbairt Calaí agus Céanna

855. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén beartas atá aige maidir le ligean foirgneamh folamh ag calaphoirt iascaigh; cad é líon agus achar na bhfoirgneamh folamh atá í ngach calaphort faoi seach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44787/24]

Comment on this
Charlie McConalogue Minister for Agriculture, Food and the Marine Fianna Fáil

Tá sé cinn ainmnithe d’Ionaid Iascaigh Cuain (IIC) faoi Úinéireacht an Stáit i seilbh mo Roinne faoi reacht, agus feidhmíonn mo Roinn na hionaid sin agus déanann sí cothabháil orthu. Is iad na hionaid sin IIC na gCeall Beag, IIC Bhinn Éadair, IIC Bhaile Chaisleáin Bhéarra, IIC Ros an Mhíl, IIC an Daingin, IIC Dhún Mór.

Tá punann éagsúil réadmhaoin le fáil sna IICanna, rud a léiríonn a ról mar chuanta iascaigh oibre agus mar shuíomh le haghaidh réimse leathan gníomhaíochtaí eile muirí.  Is é 263 an líon iomlán réadmhaoin (cé is moite den bhonneagar) ar fud na sé IIC.  Tá 14 réadmhaoin fholmha le fáil trasna na sé IIC. Déanann an Roinn athbhreithniú rialta ar réadmhaoine folmha le measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht lena gcur ar fáil ar tairiscint d’iarratasóirí ar spéis leo iad, agus ioncam cíosa a chur ar fáil do Chiste na nIonad Iascaigh Cuain.

Féach an tábla faoi iamh ina dtugtar líon agus suíomh na réadmhaoin folamh:

Info

Info

Comment on this