We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Scéimeanna Talmhaíochta

856. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist ag a Roinn fiosrúchán a dhéanamh faoi cén fáth ar tharraing beagnach 50% de na feirmeoirí in Oileáin Árann a bhí páirteach in Acres Tranche 2 as an scéim i mbliana ag tógáil san áireamh an tábhacht a bhaineann leis na hoileáin ó thaobh na heiceolaíochta de agus an tábhacht a bhaineann dá bharr le feirmeoireacht ard-eiceolaíochta ar na hoileáin; agus an ndearna a Roinn teagmháil leis na feirmeoirí lena fháil amach cén fáth ar fhág an oiread acu an scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44795/24]

Comment on this
Charlie McConalogue Minister for Agriculture, Food and the Marine Fianna Fáil

Is beart deonach é páirt a ghlacadh sa Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES). Toisc gur tiomantas cúig bliana atá ann, bheadh coinne leis go dtarraingeodh roinnt daoine siar i rith na tréimhse sin. Níl aon cheanglas ar rannpháirtithe cúis ná míniú a thabhairt as tarraingt siar ón Scéim, a d’fhéadfadh tarlú de bharr athrú ar imthosca nó roghanna eile a bheith ar fáil don fheirmeoir, amhail rannpháirt a ghlacadh i scéimeanna eile agus i roghanna malartacha talamhúsáide.  Tarlaíonn roinnt mhaith tarraingtí siar de thoradh scoir agus breoiteachta freisin.

Óir tá Oileáin Árann suite i Limistéar Comhair ACRES, rachaidh mo Roinnse faoi dhéin na Foirne ábhartha den Tionscadal Comhair ACRES, is é sin ACRES Bhoirne Árann, lena fháil amach an bhfeictear dóibh aon fhadhbanna sonracha a bheith taobh thiar den líon tarraingtí siar sin, agus cuirfidh sí an Teachta ar an eolas go díreach faoi aon fhadhb ábhartha a fheictear.

Comment on this