We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

An Teanga Gaeilge

190. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí sonraí maidir le céard atá i ndán do na pleananna teanga sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta tar éis dóibh críochnú, agus má leantar ar aghaidh leo, cén córas a bheidh curtha i bhfeidhm ag an Roinn maidir le haistriú ón gcéad phlean teanga go dtí an dara plean teanga. [45531/24]

Comment on this
Catherine Martin Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media Green Party

Is léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an bpróiseas pleanála teanga ónar cuireadh tús leis roinnt blianta ó shin agus gach ceann den 26 limistéar pleanála teanga chomh maith leis an 3 Líonra Gaeilge agus 9 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe anois agus i mbun oibre. Mar thoradh air seo, tá Oifigigh Pleanála Teanga ag obair go díograiseach mórthimpeall na Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí.

Anuas ar an maoiniú bliantúil a chuireann mo Roinn ar fáil ón gciste d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun tacú le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga, cuirtear maoiniú ar fáil chomh maith chun tacú leis an bpróiseas ar bhonn lárnach i réimsí an teaghlaigh, na luathbhlianta agus sna healaíona dúchasacha.

Tá athbhreithniú ar bun faoi láthair ar an gcéad deich bplean teanga. Beag beann ar an obair sin, caithfear a aithint gurb éigean dúinn go leor de na seirbhísí lárnacha a thacaíonn leis an bpróiseas a bhunú ar bhonn chéimniúil agus pleanáilte ó 2012 i leith. Dá bharr seo, ní bhfuair roinnt mhaith de na ceanneagraíochtaí pleanála teanga tairbhe iomlán as na seirbhí sin. Sna chúinsí sin, d'fhógair mé le déanaí nach mbeidh aon athrú ar na Limistéir Pleanála don chéad timthriail eile, ar mhaithe le deis a thabhairt do phobal gach Limistéara, Bhaile Seirbhíse agus Líonra torthaí an phróisis a fhíorú. Tá a fhios agam go bhfuil imní léirithe ag na hOifigigh Pleanála Teanga maidir leis an gcéad timthriail eile le tamall anuas agus léiríonn an fógra seo go bhfuil mé féin agus mo Roinn ag éisteacht agus go n-aithníonn muid an obair luachmhar atá ar bun faoin bpróiseas.

Ag féachaint chun cinn ar an dara timthriall de phleananna teanga a cheadú faoin bpróiseas pleanála teanga, tá beartaithe go n-ullmhófar pleananna teanga nua nuair a shroicheann siad deireadh a dtréimhse 7 mbliana. Mar chabhair don ullmhúchán seo, déanfaidh Údarás na Gaeltachta, le tacaíocht ó sholáthraí seirbhíse, an múnla d’ullmhú pleananna teanga nua a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasamhara an phróisis i gcoitinne.

Comment on this