Written answer
Calafoirt agus Céanna
326. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén dul chun cinn atá déanta maidir le háiseanna muiríne níos fearr a chur ar fáil i Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45622/24]
Comment on this
I mí na Samhna 2021 cheadaigh Comhairle Contae na Gaillimhe pleanáil do mo Roinn chun síneadh a chur leis an mbeart feistithe ag an gCaladh Bád ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl agus chun carrchlós agus bonneagar coimhdeach a fhorbairt ann.
Tá na hoibreacha ar tí a gcríochnaithe chun foirgneamh seirbhísí leasa a thógáil ina mbeidh seomraí feistis, leithris agus cithfholcadáin, meaisíní níocháin agus triomadóirí; agus cuirfear láthair itheacháin ar fáil ina mbeidh áiseanna déanta tae/caife.
Táthar i mbun oibre faoi láthair chun an chéad chéim eile den fhorbairt a bhrú chun cinn. Rinne mo Roinn tairiscint le déanaí ar sheirbhísí innealtóirí comhairleacha agus tá sé i ndiaidh na hinnealtóirí úd a fhostú chun roghanna i dtaobh feabhsuithe ar an gCaladh Bád a chur chun cinn. Ceapadh an tairgeoir rathúil ar an 5 Samhain 2024.
Déanfaidh na comhairleoirí athbhreithniú agus scrúdú ar na roghanna ábhartha – cuirfidh siad san áireamh cead pleanála a deonaíodh cheana féin le haghaidh forbartha; agus ullmhóidh siad an doiciméadú tairisceana don chonradh tógála.
Tá sé beartaithe go gcuirfear an tionscadal chun cinn ar bhonn céimnithe faoi réir an mhaoinithe a bheidh ar fáil.