We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions

Gaelscoileanna access and support

Summary

Paul Nicholas Gogarty raised the gap between demand for Irish-medium education and available places, especially for new Irish speakers. The Taoiseach agreed more support is needed and said he would meet relevant Ministers to consider how to help groups use Irish more confidently.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Agus Seachtain na Gaeilge ar siúl go luath i gceann coicíse, bhí mé ag smaoineamh faoi conas a chothaítear níos mó Gaeilge a úsáid, go mór mór i measc na nÉireannach nua. I ndáiríre, tá fadhb againn. Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfuil 8% de dhaltaí bunscoile sna Sé Chontae Fichead ag freastal ar Ghaelscoileanna agus go bhfuil 8.3% de na bunscoileanna sna Sé Chontae Fichead ag baint le Gaelscoileanna. Léiríonn taighde ón ESRI, áfach, go bhfuil an leibhéal éilimh ar an nGaelscolaíocht ag 23%. Tá níos mó daoine ag lorg spás sna Gaelscoileanna.

Dúirt mé an tseachtain seo chaite go gcaithfidh muid níos mó Gaelscoileanna a oscailt. Tá sé seo fíor. I measc thuismitheoirí na ndaltaí sna Gaelscoileanna atá againn anois, áfach, cé mhéad acu siúd a rugadh in Éirinn? Níl figiúirí níos deireanaí agam, ach sa bhliain 2017 measadh go raibh 6% de dhaltaí ar fud an bhunleibhéil Gaeilge, agus go raibh titim go 1.6% i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil go leor tuismitheoirí ag iarraidh go bhfoghlaimíonn a gcuid páistí Gaeilge ach níl an deis nó an t-eolas acu lena dhéanamh. Tá sé deacair nuair nach é an Béarla a gcuid teanga dúchais, gan trácht ar an nGaeilge. Mar sin, caithfidh muid féachaint i ndáiríre conas líon na nÉireannach nua a mhéadú sna Gaelscoileanna.

Is cinnte go bhfuil daoine ag cur isteach ar shaoránacht Éireannach. Is é mo thuairim ar aon nós gur cheart go mbeadh siad in ann líofacht a léiriú i gceann amháin dár dteangacha náisiúnta ar a laghad, agus leibhéal réasúnta comhrá sa teanga eile, an Ghaeilge is dócha. Is smaoineamh é sin.

Ag an am céanna, tá orainn níos mó Gaeilge a labhairt i rith an lae. Níl mé ag caint faoi Ghaeilge líofa ach faoi chomhráite Ghaeilge. Tá a fhios ag formhór na ndaoine go bhfuil caighdeán níos fearr Fraincise ag daltaí meánscoile thar an Ghaeilge tar éis sé bliana, cé go raibh ocht mbliain acu roimhe sin sa bhunscoil ag foghlaim Gaeilge. Cén fáth a bhfuil sé mar seo? Is í an dara cheist atá agam ná cad a cheapann an Taoiseach faoi chúrsaí nua sna scoileanna san ardteist nó sa junior certificate le béim ar chomhráite trí Ghaeilge?

Comment on this

Ar dtús báire, tá mé buíoch den Teachta as ucht an cheist seo a ardú. B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag cách ach tá leabhar foilsithe ag Mark Henry a bhaineann le stair na tíre ó 1922 go dtí 2020 agus an méid dul chun cinn atá le feiscint in áiteanna éagsúla. Is é ceann de na figiúirí a léiríonn sé ná go bhfuil i bhfad níos mó daoine sa lá atá inniu ann ag labhairt agus ag foghlaim na Gaeilge, agus le cumas na Gaeilge acu, ná mar a bhí sa tír seo in 1922.

Tá an ceart ag an Teachta nuair a deir sé go bhfuil tionchar faoi leith, nó go raibh tionchar faoi leith, ag fás agus forbairt na nGaelscolaíochta ar na figiúirí sin. Sa Dáil seo, tá i bhfad níos mó Gaeilgeoirí tar éis a bheith tofa ná mar a bhí cheana féin. I bhFianna Fáil, tá an-chuid daoine anois againn a bhfuil cumas na Gaeilge acu. B’fhéidir go bhfuil glúin nua ag teacht ar an bhfód agus an Ghaeilge go nádúrtha acu de bharr na béime ar níos mó Gaelscoileanna agus coláistí lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Caithfidh muid a chur san áireamh chomh maith go bhfuil dualgas ar an ngnáthbhunscoil an Ghaeilge a chothú agus béim a chur ar an nGaeilge.

Maidir leis na hÉireannaigh nua, caithfidh an meon a bheith ceart. Caithfidh muid gach aon iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur ar fáil do na hÉireannaigh nua chun iad a mhealladh agus tacaíocht is áiseanna a thabhairt dóibh. Mar a dúirt an Teachta, ba cheart dúinn deiseanna a thabhairt dóibh an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha gan mórán béime ar an ngramadach nó ar chruinneas na teanga agus mar sin de.

Tá an dealramh ar an scéal go bhfuil roinnt de na hÉireannaigh nua báúil don Ghaeilge. Tá fonn orthu an Ghaeilge a labhairt. Tá a fhios agam féin nuair a bhí mé ag dul timpeall na tíre ag bualadh le grúpaí áirithe go ndearna na hÉireannaigh nua iarracht an Ghaeilge a labhairt. Bhí sé sin soiléir.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil níos mó le déanamh againn. Caithfidh muid níos mó tacaíochta a thabhairt, ní hamháin do na Gaelscoileanna ach freisin do na bunscoileanna ó thaobh áiseanna agus teicneolaíocht a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an scéal, go háirithe sna bunscoileanna.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach. Tá a fhios agam go bhfuil caighdeán Gaeilge an-mhaith sna gnáthscoileanna freisin agus go bhfuil na hÉireannaigh nua ag lorg áiteanna chun an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad freisin. Tá a fhios agam sin.

Is mór is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo mhéara ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, fuarthas cuireadh ó ghrúpa reilige ar Lá Fhéile Pádraig agus bhí an ghrúpa ag canadh go leor amhrán. Chan siad amhráin as Béarla agus as Gaeilge. Ba mhór an bród a bhí ar an ngrúpa seo as a bheith ina nÉireannaigh agus as a gcuid tíortha nádúrtha ag an am céanna. Chuala mé freisin an Córán á léamh trí Ghaeilge. Tá a lán daoine ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach caithfear an tslí a dhéanamh níos simplí. B’fhéidir go bhfuil orainn comhrá a bheith againn faoin chaighdeán Gaeilge.

Comment on this

Is suimiúil go raibh an taithí sin ag an Teachta nuair a bhí sé ina mhéara. B’fhéidir go léiríonn sé go bhfuil orainn i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh tacaíochta a thabhairt do na grúpaí áirithe ar fud na tíre agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá mé sásta bualadh leis na hAirí Gaeltachta agus Oideachais agus leis an Rialtas i gcoitinne faoi conas is féidir níos mó tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí den saghas sin a luaigh an Teachta chun an Ghaeilge a labhairt. B’fhéidir go gcaithfear áiseanna a chur ar fáil dóibh chun a bheith níos compordaí agus níos muiníní as an nGaeilge a úsáid go rialta mar tá fonn orthu. Tuigeann siad go bhfuil nasc idir cumas na Gaeilge agus a bheith mar Éireannach nua, mar a dúirt an Teachta é féin.

Comment on this