Irish language funding dispute
A question in Irish raises a planned half-day strike by Irish-language organisations over cuts and chronic underfunding. The Taoiseach acknowledges the difficulty, says strike action may not be the best solution, and says Ministers are working to improve the situation.
Níl a fhios agam má tá an Taoiseach ar an eolas faoin stailc leathlae ag 40 eagras Gaeilge amárach chun réiteach a fháil anois agus infheistíocht chothrom a chinntiú do na grúpaí agus don Ghaeilge, seachas ciorruithe de €820,000 atá fógartha ag Foras na Gaeilge agus easpa maoinithe leanúnach le blianta san áireamh, gan fiú trácht ar an mboilsciú ar na costais. An nglacann an Taoiseach leis go bhfuil géarchéim ann agus an dtacóidh sé leis an stailc amárach? Cad atá á dhéanamh faoin éileamh atá acu?
Comment on this
Glacaim go bhfuil deacracht ann gan amhras. Nílim cinnte gurb í stailc an tslí is fearr chun é seo a réiteach. Bhíos ag labhairt leis an Aire, an Teachta Calleary, faoi seo ar maidin. Bhí an tAire ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i rith an deireadh seachtaine agus bhí daoine ag caint faoi. Beimid, agus tá súil agam go mbeidh an Tánaiste, ag déanamh ár ndíchill chun feabhas a chur ar an scéal. Tá a fhios agam go bhfuil deacracht faoi leith ann.