We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Foras na Gaeilge funding

Summary

Deputy Moynihan warned that Foras na Gaeilge faced funding pressure and possible cuts, threatening Irish-language services. The Taoiseach said the Government supported the body and officials had been discussing the financial difficulties with North-South counterparts.

Tá Foras na Gaeilge ag freastal ar phobal na Gaelainne ar fud na tíre agus tá sé ag feidhmiú le maoiniú ón Rialtas anseo ó Dheas agus ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh; 75% den mhaoiniú ag teacht ón Rialtas anseo agus 25% ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh. Is é sin an leagan amach atá ann de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tuigim go bhfuil an Rialtas anseo lánsásta a sciar a chur ar fáil ach go bhfuil buairt ó Thuaidh. Tá an-bhuairt ar phobal na Gaelainne roimh chiorruithe agus sa chás nach mbeadh an foras ábalta feidhmiú gan mhaoiniú. Mar sin, an féidir tacú leis an bhforas agus le pobal na Gaelainne gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta nó an féidir plé leis an bhFeidhmeannas ó Thuaidh chun a chinntiú go gcuirfeadh sé a sciar den mhaoiniú ar fáil?

Comment on this

Aontaím leis an Teachta. Is féidir linn cabhair agus tacaíocht a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge. Tuigim go bhfuil brú airgeadais ar Fhoras na Gaeilge agus fógra tugtha ag an mbord le déanaí go mbeidh air maoiniú a ghearradh ó chuid dá scéimeanna mar bheart éigeandála, agus is cúis díomá é sin don Rialtas. Tá ceist airgeadais Fhoras na Gaeilge pléite ag roinnt cruinnithe le tamall anuas. Bhí cruinniú ag oifigigh Roinn na Gaeltachta ar an 10 Feabhra leis an Roinn Pobal ó Thuaidh, le Foras na Gaeilge agus le Gníomhaireacht na hUltaise, áit ar pléadh na dúshláin airgeadais atá ag an dá eagraíocht. Bhí cruinniú práinneach ag an Aire Gaeltachta, an Teachta Calleary, le cathaoirleach agus le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar an gCéadaoin, an 12 Feabhra, agus mar sin tá an cheist seo á plé go mion ag an Aire agus a chuid oifigeach. Tuigim go raibh cruinniú ag oifigigh Roinn na Gaeltachta freisin le sé cheanneagraíocht Gaeilge agus gur léirigh ceannasaithe na gceanneagraíochtaí sin a n-imní maidir le dúshláin airgeadais an fhorais.

Comment on this