We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

Foras na Gaeilge funding

Summary

Deputy Heneghan asked how the Government would address real-terms cuts to Foras na Gaeilge and restore fair funding for the language. The Taoiseach acknowledged difficulties, said the Government was trying to resolve them, and promised more Irish-language investment.

Céard atá an Rialtas ag déanamh leis an laghdú de 40% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le 20 bliain anuas, nuair a thugtar boilsciú san áireamh, a chur i gceart agus cothrom na Féinne a thabhairt d'fhorbairt na Gaeilge fud fad na tíre? Sa tréimhse chéanna, d'éirigh buiséad an Chomhairle Ealaíon ó €40 milliún go €140 milliún. Cé mhéad airgead a chuirfidh an Rialtas ar fáil le buiséad Fhoras na Gaeilge a mhaoiniú i gceart?

Comment on this

Mar is eol don Teachta, tá deacracht ó thaobh Fhoras na Gaeilge faoi láthair. Níl aon amhras faoi sin. Níl an Rialtas anseo freagrach as an deacracht sin. Táimid ag déanamh gach aon iarracht an cheist sin a réiteach. Mar aon leis sin, táimid sásta níos mó infheistíocht a chur isteach i gcúrsaí Gaeilge i gcoitinne agus níos mó tacaíocht a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge. I gcomhthéacs an clár Shared Island, táimid sásta níos mó a dhéanamh le Foras na Gaeilge agus leis an áisíneacht a bhaineann leis an Ultais. Beimid ag déileáil le Foras na Gaeilge. Tá an tAire, an Teachta Calleary, ag déanamh gach aon iarracht an cheist phráinneach atá ann faoi láthair a réiteach.

Comment on this