We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

Údarás na Gaeltachta Bill

Summary

Deputy Ó Muirí welcomes the Bill, especially changes to the board and housing-related powers for the Authority. The Minister says the legislation will be debated later that night and will be examined further.

Verona Murphy An Ceann Comhairle Independent

I thank the Taoiseach and call Deputy Ó Muirí.

Comment on this

I thank the Ceann Comhairle, and commend her for keeping the car between the ditches yesterday, which was a difficult workday for her.

Cuirim fáilte roimh Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 agus na hathruithe atá i gceist ó thaobh bord an údaráis a thoghadh. Tá athruithe beaga sa Bhille ó thaobh an t-údarás a bheith in ann talamh a dhíol le AHBs nó le húdaráis tithíochta, chun dídean a chur ar fáil i gceantar Gaeltachta. Tá aidhm ar leith i gclár an Rialtais go n-oibreodh an Rialtas le hÚdarás na Gaeltachta chun cinntiú go bhfuil a dhóthain tithíochta agus seirbhísí poiblí ar fáil i gceantair Ghaeltachta. Creidim féin gur féidir leis an údarás ról lárnach agus deimhneach a bheith aige, má chuirtear na hacmhainní cearta ar fáil dó. An aontaíonn an Taoiseach liom go mbeidh Acht nó Bille eile ag teastáil chun an aidhm seo a chur i gcrích? B'fhéidir go bhféadfadh sé iarraidh ar an Aire nó ar an Roinn amchlár a leagan amach don Bhille seo más rud é go n-aontaíonn sé.

Comment on this
Dara Calleary Minister for Social Protection Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Beimid ag plé an Bhille sin níos déanaí anocht. Tá súim agam scrúdú a dhéanamh ar na hathbhreithnithe atá ag an údarás ag an bpointe seo faoi chúrsaí tithíochta. Níl sé soiléir agus ní bheidh sé éasca, ach beidh seans againn é a phlé oíche anocht.

Comment on this