We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

Conamara seaweed harvesting rights

Summary

Deputy Farrell raised concern that new legislation might fail to protect traditional seaweed harvesters in Conamara. The Taoiseach said the Minister of State would meet local groups and that local rights and the natural resource had to be protected properly.

Tá imní ar mhuintir Chonamara faoi iarratas atá curtha isteach ag Arramara Teoranta maidir le baint feamainne ar fud Chonamara. Mar is eol don Taoiseach, is ceist ghoilliúnach í seo. An príomhrud atá ag cur imní ar dhaoine ná cén cosaint a mbeidh ag bainteoirí feamainne traidisiúnta sa reachtaíocht nua. Dúradh in 2018 go raibh cosaint ann ach anois níl sé soiléir go bhfuil nó, níos measa fós, breathnaíonn sé ar nós nach bhfuil cosaint ann dóibh. Impím ar an Taoiseach breathnú ar an gceist seo agus oibriú le lucht bainte feamainne chun an ceart seo a chosaint, chomh maith leo siúd a bhfuil cearta fóilió acu.

I am raising seaweed harvesting. The recent application by a large company for seaweed harvesting rights has caused huge concern. It is a very sensitive topic because it is a core Irish tradition. Traditional harvesters had been given complete assurances their rights would be protected but there is serious concern this is no longer the case in the new legislation. Will the Government work with traditional harvesters as well as those with folio rights to ensure their rights are protected?

Comment on this

Beidh an tAire Stáit, an Teachta Dooley, i nGaillimh Dé hAoine. Beidh sé ag bualadh agus ag déileáil leis na grúpaí áirithe ann. Tá a fhios againn go bhfuil daoine imníoch faoin cheist seo. Gan amhras, tá an reachtaíocht agus an dlí ann. Tá fonn orainn cearta chosmhuintir na háite agus na dúiche sin a chosaint chomh fada agus is féidir linn. Caithfidh muid é a dhéanamh i gceart, áfach. Is áis nádúrtha tábhachtach í an fheamainn. Caithfidh muid éagsúlacht na háite a chur san áireamh, mar aon leis na nithe eile ar ghá machnamh a dhéanamh orthu.

Comment on this