Fuel price gouging
Deputy Ní Raghallaigh says households in south Kildare are being hit by sudden oil price increases linked to the Iran conflict. The Taoiseach replies that Ministers and regulators are examining wholesale-to-retail pricing and competition issues.
Families in south Kildare are already feeling the effects of the illegal war of the US and Israel against Iran in their pockets. Táimid ag feiceáil cheana féin na héifeachtaí boilscithe de bharr chogadh mídhleathach na Stát Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine. Tá teaghlaigh i gCill Dara ag aireachtáil an bhrú seo ina bpócaí. Cuireadh ar an eolas mé aréir gur mhéadaigh comhlacht amháin atá lonnaithe i gCill Dara Theas a bpraghas ar líonadh ola faoi €200 thar oíche. Níl aon cheist faoi ach gur praghasfheannadh atá anseo. This is price-gouging, pure and simple. Tá teaghlaigh ag streachailt is muid i lár ghéarchéim chostas maireachtála. Is é ardú mar seo an difríocht idir an teach a théamh nó gan é a théamh. An féidir leis an Taoiseach a insint dom cad a dhéanfaidh a Rialtas chun srian a chur ar na comhlachtaí atá ag déanamh brabúis agus gnáth-theaghlaigh thíos leis? An ndéanfaidh sé athchinneadh ar ardú i gcánacha carbónacha a d’fhágfadh go mbeidh sé níos daora fós do dhaoine a thithe a théamh an bhliain amach romhainn?
Comment on this
Mar a dúirt mé cheana inniu, bhuail an tAire, an Teachta O'Brien, leis na comhlachtaí cheana. Mar aon leis sin, tá an CRU ag déanamh fiosraithe ar an margadh faoi láthair agus go háirithe na praghsanna wholesale go dtí retail. Tá sé sin faoi chaibidil ag an CRU ag an mbabhta seo. Mar aon leis sin, tá an tAire, an Teachta Peter Burke, ag déileáil leis an scéal chomh maith leis na húdaráis a bhaineann le comórtas - the competition authority - chun iad sin a shoiléiriú i dtaobh cad atá ar siúl ag na comhlachtaí éagsúla. Ní cóir d'aon chomhlacht buntáiste a bhaint as an ngéarchéim seo. Is léir go bhfuil roinnt acu á dhéanamh. Beimid sásta aon rud is féidir linn a dhéanamh a dhéanamh.