Ceisteanna Eile (Atógáil) - Other Questions (Resumed) ›
Earcaíocht agus Soláthar Foirne Tríú Leibhéal
Bhí imní ar Aengus Ó Snodaigh go ndéanfaí dochar do stádas na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe mura mbeadh inniúlacht Ghaeilge riachtanach do phríomhphoist cheannais. Dúirt James Lawless go bhfuil ceapacháin faoi údarás na hollscoile féin, ach go dtacaíonn an Roinn leis an nGaeilge trí mhaoiniú, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus tionscnaimh teanga.
229. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science an bhfuil sé ar an eolas faoin imní atá léirithe nach mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge anois ag Uachtarán, Meabhránaí ná Rúnaí Ollscoil na Gaillimhe nó ag an Déan Feidhmiúil atá freagrach as an nGaeilge san ollscoil ar a bhfuil dualgais ar leith maidir leis an nGaeilge agus freagracht as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; an aithníonn sé go bhfuil ísliú stádais tugtha don Ghaeilge san ollscoil le roinnt blianta anuas; agus an bhfuil sé i gceist aige aon ghníomh a ghlacadh chun stádas na Gaeilge a threisiú san ollscoil ar nós Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2017 a chur i bhfeidhm. [22075/26]
Comment on this
Tá an cheist seo dírithe ar an imní atá ann maidir leis an bpolasaí Gaeilge agus an ról lárnach atá ag an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, áit a mbeidh seans ann nach mbeadh Gaeilge inniúil ag an uachtarán, meabhránaí, rúnaí ollscoile nó an déan feidhmiúil agus go mbeadh sé sin mar dhroch-chás don Ghaeilge agus do stádas na Gaeilge san ollscoil.
Comment on this
Is institiúidí féinrialaitheacha iad ollscoileanna de réir bhrí Acht na nOllscoileanna, 1997. Dá bhrí sin, coinníonn siad freagracht as an ngnó ar fad maidir le hacmhainní daonna, faoi réir chomhlíonadh bheartas an Rialtais maidir le líon na bhfostaithe agus an bheartas pá. Maidir le ceapacháin in Ollscoil na Gaillimhe, tá siad faoi chúram údarás rialaithe na hollscoile sin, agus níl ról agamsa ná ag mo Roinn sa phróiseas sin.
Aithníonn mo Roinn an tábhacht ghéar le cur chun cinn agus leathnú múineadh agus úsáid na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Le hAcht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, cuirtear oibleagáid reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun an Ghaeilge a mhúineadh, a chur chun cinn agus a úsáid. Chun na críche sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí mhaoiniú lárnach agus trí shruthanna maoinithe sonracha do thionscnaimh Ghaeilge.
Leithdháileadh beagnach €1.8 milliún in 2024 agus 2025 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Tacaíonn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge leis an nGaeilge laistigh d'Ollscoil na Gaillimhe, agus ar fud Éireann. Cuireann an t-acadamh roinnt clár acadúil ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tacaíonn an t-acadamh le hOllscoil na Gaillimhe freisin agus í ag iarraidh a bheith ina hollscoil dhátheangach trí fheabhsú scileanna sa teanga Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann agus seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil don ollscoil.
Comment on this
Ní féidir agus ní ceart go mbeadh Pontius Pilate á dhéanamh sa chás seo. Is cinneadh Rialtais a bhí ann Acht Ollscoil na Gaillimhe a thógáil isteach in 2005 nó 2006. Rinneadh ísliú ar stádas na Gaeilge ó thaobh coinníollacha a bheith ann maidir leo siúd atá i gceannas ar an gcoláiste. Is féidir leis an Rialtas, tríd leasuithe a dhéanamh ar an Acht atá ann faoi láthair, dualgas a bheith ann go mbeadh cáilíochtaí ar leith ann - toisc an príomhról atá ag an ollscoil seo maidir leis nGaeilge - agus go mbeadh ar iarrthóirí a bheith inniúil sa Ghaeilge. Ní caitheamh anuas é seo ar na daoine atá sna poist seo. Fuair siad an post tríd an ngnáthchóras. Is caitheamh anuas ar an gcóras é nach raibh an coinníoll ann sa chéad dul síos. Dá réir, tá ísliú tugtha don Ghaeilge.
Comment on this
Tuigim an fhadhb. Is institiúidí féinrialaitheacha iad ollscoileanna de réir bhrí Acht na nOllscoileanna, 1997. Dá bhrí sin, coinníonn siad freagracht as an ngnó ar fad maidir le hacmhainní daonna, faoi réir chomhlíonadh bheartas an Rialtais maidir le líon na bhfostaithe agus an bheartas pá.
Is ábhar don chomhlacht rialaithe san ollscoil féin é ceapadh uachtarán nua cé go mbeifí ag súil go mbeadh próiseas oscailte earcaíochta i gceist. Ní bhíonn aon ról ag an Roinn ná ag an Aire sa cheapachán seo.
Comment on this
Tuigim cad atá á rá ach tá ról ag an Aire tríd reachtaíocht na Tithe seo. Bhí an díospóireacht ann agus léiríodh an bhuairt ag an am. In fact, sular éirí sé as, léirigh Éamon Ó Cuív, duine do chomhghleacaithe an Aire, an bhuairt chéanna. Chuir sé Bille chun cinn chun tarraingt siar ón gcinneadh a glacadh in Acht 2006. Thug sé an Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2017, chun cinn a bhí dírithe ar cinnte a dhéanamh de go raibh stádas níos daingne agus níos láidre ó thaobh na Gaeilge de sa choláiste, agus go mbeadh tús áite ann ó thaobh na Gaeilge de. An bhuairt atá ann ná muna bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu siúd ag an leibhéal is airde sa choláiste go ndéanfaidh sé dochar don straitéis atá ann. Tá straitéis ann a bhí ag tabhairt borradh don Ghaeilge sa choláiste agus tá dainséar ann anois.
Comment on this
Tá suim agam sa bhfadhb agus tuigim é. Beidh suim ag an Teachta sa mhéid atá á dhéanamh sa Roinn ag obair sa spás sin. Is rannpháirtí gníomhach í an Roinn sa réimse agus tá obair na hearnála ardoideachais tábhachtach chun a cinntiú go bhfuil luach ár saothar againn leis na scileanna teanga atá riachtanach chun an sprioc inniúlachta 20% a bhaint amach. Tá a lán oibre ar siúl sa Roinn towards that regards. Tá réimse leathan cúrsaí nua a bhfuil cuid acu i nGaeilge ar fáil do mhic léinn. Is iad na hinstitiúidí féin a chinntigh soláthar na gcúrsaí sin de réir neamhspleáchas a ceadaíodh.
Mar sin féin, tacaíonn an Roinn le réimse téacsleabhair Gaeilge freisin atá dírithe ar thacú le húsáid na Gaeilge ar champas tríú leibhéal lena n-áirítear tacaíocht do chlubanna agus cumainn Gaeilge. Tá m’am thart.