We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Conamara broadband gaps

Summary

Deputy Farrell raised the lack of basic broadband infrastructure across parts of Conamara. The Taoiseach agreed the area needed stronger infrastructure and promised to speak with the Minister about improving support, especially in remote areas.

Tá go leor cainte faoi chúrsaí infreastruchtúir faoi láthair. D’ardaigh mé cheana leis an Taoiseach na fadhbanna sa bhuninfreastruchtúr i gConamara. Ciallaíonn sé sin an cineál infreastruchtúr simplí atá ag teastáil ionas go mbeadh daoine in ann a bheith ina gcónaí in áit agus go mbeadh siad in ann obair ann freisin. Ceann de na rudaí bunúsacha sin ná cúrsaí leathanbhanda. Tá áiteanna ar fud fad Conamara nach bhfuil leathanbhanda iontu, ach tá ceantair freisin atá sách gar don chathair áit nach bhfuil leathanbhanda ach in áiteanna áirithe sna bailte sin. Cén uair a cheapann an Taoiseach go mbeidh an buninfreastruchtúr sin ann do mhuintir Chonamara, go háirithe nuair atáimid ag caint ar chúrsaí leathanbhanda dóibh siúd a bhfuil gnólachtaí acu, mar shampla?

Comment on this

Aontaím leis an Teachta gur cheart go mbeadh muid in ann an buninfreastruchtúr sin a chur i bhfeidhm. Tá deacracht ann go háirithe in áiteanna iargúlta. Bhí sé soiléir le linn Stoirm Éowyn, mar shampla, nach raibh an córas chomh láidir is a cheap gach éinne go raibh sé. Cailleadh an córas go han-tapa ar fad. Beidh mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary, le féachaint an féidir linn níos mó a dhéanamh ó thaobh áiteanna iargúlta agus b’fhéidir níos mó tacaíochta a thabhairt don pobal nó do na comhlachtaí chun plean a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh broadband ann don phobal.

Comment on this