We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

An Clár um Fhorbairt Áitiúil agus Pobail

322. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil sé tar éis labhairt leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maidir leis an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana, mar a dúirt Treoraí an tSeanaid ar an gclár The Week in Politics de chuid RTÉ ar an 10ú Bealtaine. [38274/26]

Comment on this
James Browne Minister for Housing, Local Government and Heritage Fianna Fáil

Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030 - Plean Gníomhaíochta maidir le Soláthar Tithíochta agus Díriú ar Easpa Dídine, leagtar amach rún an Rialtais Ráiteas Pleanála Náisiúnta a fhoilsiú sa chéad leath de 2027 maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta freisin an rún Ráiteas Pleanála Náisiúnta a fhoilsiú i leith tithíochta tuaithe sa dara leath de 2026.

Tá sé beartaithe ag an Rialtas aghaidh a thabhairt ar bheartas pleanála maidir le tithíocht tuaithe agus Ghaeltachta le chéile, i bhfianaise na bpríomh-idirghníomhaíochtaí idir tithíocht tuaithe i gcoitinne agus tithíocht i gceantair Ghaeltachta, agus tá sé ag breithniú faoi láthair conas is fearr is féidir é sin a bhaint amach.

Tá ról tábhachtach freisin don Roinn a bhaineann leis an mbeartas ábhartha i gcomhoibriú le mo Roinnse ar fhorbairt Ráiteas Pleanála Náisiúnta. Maidir leis seo, tá m’oifigigh i dteagmháil le hoifigigh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) mar an Roinn beartais ábhartha don réimse seo.

Agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann na nithe casta atá i gceist a bhreithniú agus a thuilleadh de rannpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, déanfar measúnú ar aon Dhréachtráiteas Pleanála Náisiúnta críochnaithe chun críocha Measúnaithe Straitéisí Timpeallachta (MST) agus Measúnaithe Chuí (MC).

Comment on this