We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Oideachas trí Ghaeilge

336. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige ós rud é go ndúirt oifigigh sa Roinn Oideachais, le linn an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla a chur le chéile, go gcuirfear beartas amháin le chéile chun an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla agus don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chuimsiú, an féidir leis an Aire staid reatha fhorbairt an pholasaí chuimsithigh sin a chur in iúl [48970/26]

Comment on this
Hildegarde Naughton Minister for Education and Youth Fine Gael

Tá cur chuige céimniúil, seicheamhach á leanúint ag mo roinn maidir le forbairt bheartais don Ghaeilge sa chóras oideachais. Maidir le cúraim mo roinne, tá trí shnáithe leis an obair seo: an Polasaí don Oideachas Gaeltachta; an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Le chéile, is céimeanna tábhachtacha iad na polasaithe agus na tionscnaimh seo i dtreo polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais a sholáthar.

I gcomhthreo leis an obair atá ar bun ag mo roinn, tá Plean Náisiúnta do Sholáthar na Gaeilge i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus i gCúram Leanaí d’Aois Scoile á fhorbairt ag mo chomhghleacaí, an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais. Tá ár ranna ag obair go dlúth le chéile chun a chinntiú go bhfuil na polasaithe ailínithe lena chéile.

Foilsíodh an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla agus an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i mí na Samhna 2025 agus tá na céimeanna tosaigh tógtha maidir leis na polasaithe a chur chun feidhme.

A luaithe is atá dul chun cinn breise déanta maidir le cur chun feidhme na bpolasaithe sin, agus nuair a bheidh fianaise ar fáil ó athbhreithniú ar a gcur chun feidhme, déanfar machnamh ar na chéad chéimeanna eile maidir le beartas oideachais don Ghaeilge. Léireoidh sé, agus déanfaidh sé forbairt ar, na naisc idir na trí pholasaí a bhaineann leis na hearnálacha Gaeltachta, lán-Ghaeilge agus meán-Bhéarla, chomh maith le polasaithe ábhartha eile. Cuirfear san áireamh ann freisin aiseolas ó chur chun feidhme an bheartais reatha, torthaí taighde, athbhreithniú ar chleachtas i ndlínsí eile, agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara oideachais agus Gaeilge.

Comment on this