We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Oideachas trí Ghaeilge

337. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an gcreideann sí gur cheart an aird agus an tacaíocht chéanna a thabhairt do leanaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge, go háirithe nuair nach í a bpríomhtheanga í sa bhaile agus nuair a thagann formhór acu ó theaghlaigh nach labhraítear Gaeilge líofa iontu, agus a thugtar do leanaí nach í an Béarla a gcéad teanga faoi chritéir an Bhéarla mar Theanga Bhreise agus cad a dhéanfaidh an tAire chun aghaidh a thabhairt air seo. [48971/26]

Comment on this
Hildegarde Naughton Minister for Education and Youth Fine Gael

Aithníonn mo roinn an ról ríthábhachtach a bhaineann le forbairt teanga san oideachas. I dtaobh tacaíochtaí don Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL) do dhaltaí nua-iontrálaithe (daltaí a tháinig isteach sa tír le dhá bhliain anuas) moltar mar chéad chéim go ndéanfadh scoileanna athbhreithniú ar an leithdháileadh atá ag an scoil agus go bhféachfaí an bhféadfaí freastal ar riachtanais na ndaltaí nua-chláraithe laistigh de na leithdháiltí atá ann cheana.

Faoin leithdháileadh don Oideachais Speisialta (SET) soláthraítear leithdháileadh aontaithe do theagasc tacaíochta don oideachas speisialta do gach scoil bunaithe ar phróifíl oideachais na scoile. Cuimsíonn an leithdháileadh sin gné de thacaíocht teanga don Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL). Is iondúil go gcuirtear dhá bhliain de thacaíocht EAL ar fáil do dhaltaí nua-iontrálaithe a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu don Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL).

Ar aon dul leis na blianta atá imithe tharainn, d'fhéadfaí tacaíochtaí a chur ar fáil freisin do scoileanna ina bhfuil go leor daltaí cláraithe nach bhfuil rangaithe mar dhaltaí nua-iontrálaithe a thuilleadh, ach a bhfuil riachtanas EAL acu i.e. na daltaí sin a bhfuil níos lú ná 3 bliana tacaíochta EAL faighte acu agus a ghnóthaíonn níos lú ná B1 i dtástáil inniúlachta Béarla.

Maidir le tacaíochtaí don Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge, déantar uaireanta tacaíochta teanga breise don Ghaeilge a leithdháileadh ar scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, bunaithe ar rollúchán scoile. Cabhraíonn na huaireanta seo le scoileanna Gaeltachta tacú le riachtanais éagsúla teanga na ndaltaí, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil an Ghaeilge agus/nó an Béarla ina dteangacha breise acu, agus chun saibhreas teanga na ndaltaí/scoláirí ar fad a fhorbairt, cainteoirí dúchais san áireamh.

Is féidir na huaireanta tacaíochta teanga seo a úsáid chun freastal ar dhaltaí ó Naíonáin Bheaga go Rang 6 ag leibhéal na bunscoile agus ar scoláirí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Tá sonraí an leithdháilte seo leagtha amach i gciorcláin a bhaineann leis an scéim, le déanaí i gCiorcláin 0015/2026 (do bhunscoileanna) agus 0016/2026 (d'iar-bhunscoileanna).

Mar a fheictear, tá éagsúlacht sna cuir chuige a úsáidtear do leithdháileadh na n-uaireanta tacaíochta teanga don EAL agus do leithdháileadh na n-uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge a bhfreagraíonn do na comhthéacsanna oideachais uathúla lena mbaineann siad.

Sheol mo roinn an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i mí na Samhna 2025. Ceann de na gníomhartha faoin bpolasaí, chun tacú le forbairt inniúlachta teanga daltaí agus scoláirí is ea uaireanta tacaíochta teanga Gaeilge a leathnú go scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar bhonn céimnithe.

Tá na huaireanta seo curtha ar fáil d'iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus do bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil stádas DEIS acu ón scoilbhliain 2025/26. Gheobhaidh Aonaid lán-Ghaeilge na huaireanta seo ó thús na scoilbhliana 2026/27 chomh maith.

Ina theannta sin, cuirtear cúntóirí teanga ar fáil do scoileanna Gaeltachta faoi Scéim na gCúntóirí Teanga. Tá an scéim sin á leathnú ó 2023 ar aghaidh sa dóigh is go mbeidh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá suite sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in ann leas a bhaint as Scéim na gCúntóirí Teanga freisin.

Comment on this