Written answer
Ceisteanna Craolacháin
362. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an bhfuil aon phlé déanta aige nó an bhfuil sé i gceist aige plé a dhéanamh lena chomhghleacaithe sa rialtas in Westminster maidir le feiceálacht agus suntasacht TG4 sna Sé Chontae i gcomhthéacs an tiomantais i gComhaontú Aoine an Chéasta maidir le staid a bhaint amach ina mbeidh fáil níos leithne ag daoine ar Theilifís na Gaeilge, an mbeadh sé sásta a mholadh go sonrach go gcuirfí TG4 ar fáil ar stáisiún 8, ar stáisiún é atá saor faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52833/26]
Comment on this
Mar a thug an Teachta le fios, sholáthair Comhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) an deis chun iarracht a dhéanamh TG4 a bheith ar fáil níos forleathan ar fud an oileáin. Thug Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine meabhrán tuisceana chun críche in 2010 ag tabhairt éifeacht don ghealltanas sin.
Cé go ndéantar TG4 a chraoladh faoi láthair ar Saorview, le go mbeadh radharc níos mó air, bhí sé mar sprioc go mbeadh aird níos mó air, ar an eolaire leictreonach clár (EPG). Tuigtear dom go bhfuil spás ar fáil sa deich gcinn is airde ar EPG, ach sular féidir a n-ionad ar an EPG a athrú áfach, ní mór TG4 a chur le liosta na gcainéal seirbhíse poiblí faoi Acht Cumarsáide na RA, 2003, faoi ordú Aire.
Chun ainmniú den sórt sin a bhaint amach sa Ríocht Aontaithe, tá plé leanúnach ar siúl idir na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear TG4, Ofcom agus Digital UK, chomh maith le plé idir oifigigh na Roinne agus a gcomhghleacaithe RA, sa Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) le roinnt blianta anuas, agus tá mé tar éis an cheist a ardú chomh maith le mo chomhghleacaí, atá mar aire sa Ríocht Aontaithe. Is é mo thuiscint go bhfuil gach duine tacúil, go ginearálta, maidir leis an gceist, agus go bhfuil obair leanúnach ar bun ag údaráis na Ríochta Aontaithe chun an ainmniú riachtanach i dtaca le TG4 a chur i gcrích. Tá sé tábhachtach go fóill gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gceist seo, chun gealltanas Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh i gceart, sé sin go mbeadh méadú ar an teacht atá ar ábhar trí Ghaeilge ar Saorview i dTuaisceart Éireann, agus leanann m’oifigigh i mbun cumarsáide lena gcomhoifigigh sa Ríocht Aontaithe.