We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

An Teanga Gaeilge

27. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tacú leis an bhfeachtas Athghaelú atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge trí logainmneacha Gaeilge a úsáid gach uair is féidir, fiú i gcumarsáid trí Bhéarla [53303/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Tá Conradh na Gaeilge ina eagraíocht neamhspleách le stádas carthanachta agus faigheann sé maoiniú ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear maoiniú Stáit do ghníomhaíochtaí ainmnithe.

Tá Conradh na Gaeilge aitheanta ag Foras na Gaeilge mar cheanneagraíocht sa mhór-réimse Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht.

Cuireann mo Roinn 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil ach is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn buiséad bliaintiúil an Fhorais.

Faoin gcomhaontú maoinithe atá idir Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, tá feidhmeanna sannaithe don Chonradh lena n-áirítear "imeachtaí feasachta gníomhacha a eagrú le go gcumhachtófar daoine le gníomhú ar son chur chun cinn na Gaeilge." Thiocfadh an feachtas Athghaelú isteach faoin bhfeidhm sin.

Tá maoiniú ar fiú €997,576 údaraithe ag Bord Fhoras na Gaeilge do Chonradh na Gaeilge i mbliana, ardú 15% ar maoiniú 2025.

Comment on this