Written answer
Gaeltacht Policy
952. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an dtabharfaidh se breac-chuntas ar Scéim Oileánda (Árainn) na Gaeltachta, ar thábhacht na scéime do phobail na n-oileán, ar na buntáistí do mhic léinn, do scoileanna in Árainn agus do gheilleagar na n-oileán, an nglacann sé leis go mbíonn costais mhóra ann do theaghlaigh óstacha i dtaca leis an gcaitheamh agus cuimilt a bhaineann le daltaí a bheith ag fanacht leo ar feadh bliain iomlán agus an smaoineoidh sé ar sholáthar solúbtha, scéim réalaíoch spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun cabhrú le húinéirí tí i leith costais bhreise [53014/26]
Comment on this
Is tacaíocht í Scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta - faoi scáth Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge - don trí iar-bhunscoil ar Oileáin Árann - Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, agus Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.
Cinntíonn an scéim seo go mbeidh daonra scoile leordhóthanach ag na trí scoil ar na hoileáin. Caitheann scoláirí ón mórthír scoilbhliain iomlán ar na hoileáin agus iad tumtha sa teanga agus i gcultúr an oileáin. Tá na trí scoil faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC), agus is iad atá ag riar na scéime thar ceann mo Roinne. Ceadaítear uasmhéid de 30 scoláire faoin scéim; 10 scoláire in aghaidh na scoile.
Tá tionchar forleathan ag an scéim ó thaobh deiseanna foghlama teanga a sholáthar d’fhoglaimeoirí na teanga agus do gheilleagar na n-oileán, mar aon le méadú ar líon na ndaoine a thagann chuig na ceantair.
Tá maoiniú á chur ar fáil ag mo Roinn do theaghlaigh aitheanta faoin scéim le haghaidh costais lóistín do na scoláirí. Íocann mo Roinn deontas le teaghlaigh atá cláraithe faoin scéim agus a bhfuil scoláirí ag fanacht leo agus iad ag freastal ar an scoil i rith na scoilbhliana. Leis an ardú a thug mé isteach le déanaí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, is é €37 - ardú ó €35.50 - in aghaidh na hoíche in aghaidh an scoláire an ráta don scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta don scoilbhliain 2026/27.
É sin ráite, tá bandaí íocaíochta i bhfeidhm faoin scéim ó 2023, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim ó thaobh méid agus minicíochta na n-íocaíochtaí. Clúdaíonn na bandaí tréimhse neamhláthaireachta i gcás nach bhfuil an scoláire in ann fanacht leis an teaghlach ar chúiseanna éagsúla a d’fhéadfadh tarlú. Má fhaigheann scoláire atá ag fanacht leis an teaghlach níos lú nó níos mó oícheanta ná mar atá leagtha amach sna bandaí, íoctar an ráta oíche ar na hoícheannta sin. Cinntíonn sé seo go dtugtar cúiteamh leordhóthanach do theaghlaigh a sholáthraíonn cóiríocht.
Seo a leanas na bandaí íocaíochta a bhí i bhfeidhm don scoilbhliain 2025/26 agus na bandaí a bheidh i bhfeidhm don scoilbhliain 2026/27:
Tá socrú i bhfeidhm chomh maith go n-íoctar cúiteamh coicíse breise le teaghlaigh i leith aon scoláire a fhágann an scéim roimh dheireadh na scoilbhliana.
Anuas air sin, tá deontas tosaithe aonuaire ar luach suas le €6,000 nó 80% den chostas, cibé acu is lú, a chur ar fáil do theaghlaigh nua a chláraíonn faoin scéim, nó do theaghlaigh a d'fhág an scéim ar feadh cúig bliana nó níos mó agus atá ag filleadh ar an scéim arís. Clúdaíonn an deontas costais a bhaineann le measúnú sábháilteachta dóiteáin, mar aon le costais a bhaineann le hábhair ar leith a bhaineann le lóistín a chur ar fáil.
Ar ábhar gaolmhar, d’fhógair mé deontas uasghrádaithe gearrthéarmach anuraidh do theaghlaigh seanbhunaithe a bhí aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge roimh 2019 chun tacú tuilleadh leis an gcostas a bhaineann le troscán nua a cheannach, lena n-áirítear buincleapacha, leapacha singil agus tochtanna singil. Is deontas suas le €2,000 nó 80% den chostas, cibé acu ba lú, a bhí ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta faoin scéim.
Leis na bearta seo ar fad, tá mé muiníneach go bhfuil cúnamh suntasach curtha ar chur ar fáil chun cabhrú leis an earnáil agus leanfaidh mé orm de bheith ag tacú léi ag brath ar chistíocht a bheith ar fáil di.