Written answer
Pleananna Oideachais
2990. D'fhiafraigh Deputy Shónagh Ní Raghallaigh den Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais [62024/26]
Comment on this
Cuirtear maoiniú ar fáil ón Roinn seo do sheirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile ar fáil ar an mbonn céanna do sheirbhísí trí mhéan na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla, bíodh siad laistigh agus lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta freagrach as an nGaeilge. Tugann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta tacaíocht sa bhreis do sheirbhisí Foghlaim agus Cúram na Luath- Óige trí mhéan na Gaeilge sa Ghaeltachta tríd a gníomhaireachtaí agus a heagraíochtaí cosúil le Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Ina theannta sin, i mí an Mheithimh 2024, d'fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú cúig bliana chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh Gaeloideachas freagrach as an tseirbhís sin a riaradh. Thairis sin, chuir an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais maoiniú ar fáil do Ghaeloideachas in 2025 agus 2026 chun tacú le suíomhanna Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige trí mheán na Gaeilge.
Anuas ar sin, tá an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ag obair faoi láthair i gcomhar le Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha eile chun plean náisiúnta a fhorbairt d'fhonn cur chun cinn breise a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí Gaeilge san earnáil Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile.
Is gealltanas é forbairt an phlean seo faoi Phléann Gníomhaíochta cúig bliana don Ghaeilge. Meastar go dtacaíodh an pléann náisiúnta le cur chun feidhme dhá ghealltanas Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh: ‘‘Bearta a thabairt isteach leana chinntiú go mbeidh rochtain ag leanaí i gceantair Ghaeltachta i soláthar Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige lán- Ghaeilge’’ agus ‘‘Meicníochtaí a fhorbairt chun tacaíocht Gaeilge a chur ar fáil do sholáthar Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige in áiteanna a bhfuil céatadán ard leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge’’. Meastar freisin go dtacóidh an plean le seachadadh gealltanas sa Chlár Rialtais: ‘‘Tacú le Naíonraí agus le creis chun rochtain ar luathoideachas a chinntiú i bpobail Ghaeltachta agus níos faide’’ agus ‘‘Pleanáil a dhéanamh ar fhorbairt áiseanna faoi cheannas an Stáit i gcomhar le clár tógála na scoileanna, naíonraí lán- Ghaeilge san áireamh’’.
Táthar ag breithniú gníomhartha féideartha, amhail scéim aitheantais do naíonraí Gaeilge, mar chuid den phróiseas chun an Plean a fhorbairt.
Chomh maith leis an bhfócas ar sheirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile trí mheán na Gaeilge, táthar ag súil go n-áireofar sa phlean náisiúnta nua bearta chun tacú le seirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige trí mheán an Bhéarla obair a dhéanamh laistigh den chreat curaclaim nuashonraithe Aistear don luath-óige, a foilsíodh i mí na Nollag 2024. Áirítear san Aistear nuashonraithe aidhm chun tacú le leanaí óga feasacht agus meas a fhorbairt ar an nGaeilge agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch.
Tá sé beartaithe go foilseoidh an Plean agus tuairiscí comhairliúcháin a bhaineann leis sna míonna amach romhainn.