We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Gaeltacht Policy

Summary

Macroom is a potential Gaeltacht Service Town, with Cork County Council given two years to prepare its language plan and funding available.

4144. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta [59574/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Mar thoradh ar an bpróisis chomhairliúcháin a reáchtáladh in 2014, aithníodh 16 baile mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta féideartha, Maigh Chromtha san áireamh, ag brath ar cheanneagraíocht a bheith ceaptha agus pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail áitiúla de réir na gcritéir pleanála teanga atá leagtha síos faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tar éis do cheanneagraíocht a bheith ceaptha, tugtar tréimhse dhá bhliain dóibh chun plean a ullmhú le cur faoi mo bhráid lena fhaomhadh.

As na 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta sin, tá 10 bplean teanga faofa go dtí seo, agus á gcur i bhfeidhm sna bailte atá i gceist. Tá pleananna teanga faofa ag na bailte seo a leanas agus tá siad aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta:

• Leitir Ceanainn

• Daingean Uí Chúis

• Cathair na Gaillimhe

• An Clochán Liath

• Trá Lí

• Caisleán an Bharraigh

• Dún Garbhán

• Cathair Saidhbhín

• An Clochán

• Baile an Róba

Bhí ról suntasach ag Foras na Gaeilge maidir leis an phróiseas iarratais a reáchtáil, agus ceapadh Comhairle Contae Chorcaí mar cheanneagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga i Maigh Chromtha. Tá tréimhse suas le dhá bhliain anois ag an gComhairle plean teanga a dhréachtú a chomhlíonann na Critéir Pleanála Teanga mar atá leagtha amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga (Eagrán 5) atá foilsithe ag an Roinn. Faoi láthair, tá Comhairle Contae Chorcaí ag obair le Foras na Gaeilge maidir leis na chéad céimeanna eile a bhaineann le plean teanga a dhréachtú.

Leithdháiltear buiséad suas le €30,000 ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta chun pleananna a ullmhú agus cuirtear buiséad bliantúil €96,000 thar seacht mbliana ar fáil chun tacú lena gcur i bhfeidhm nuair a bhíonn siad faofa.

Comment on this