Written answer
Local Area Plans
Planning and housing in Gaeltacht areas fall under the 2024 Act, while Údarás na Gaeltachta supports councils’ vacant-home grant awareness and workshops.
Is fiú a nótáil go dtagann cúrsaí a bhaineann le pleanáil agus tithíocht sa Ghaeltacht faoi réim an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2024. Dá réir, luíonn an príomhfhreagracht as an Acht seo ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
É sin ráite, tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta i mbun plé gníomhach le húdaráis áitiúla chun feasacht a chothú faoi na deontais atá ar fáil do úinéirí tí le haghaidh tithe folmha; tá ceardlanna á reachtáil ar fud na gceantar Gaeltachta i gcomhar le Comhordaitheoir Tithe Folmha na Gaeltachta. Ceapadh Comhordaitheoir Tithe Folmha na Gaeltachta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo níos luaithe i mbliana agus tá an ról á mhaoiniú ag an Údarás.