We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Cuanta agus Céanna

Summary

Galway County Council is assessing options to improve Inis Meáin’s pier infrastructure and safety, with a report due for departmental consideration.

4179. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta maidir le bonneagar cuain a fhorbairt ar Inis Meáin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [63930/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Tá Comhairle Contae na Gaillimhe freagrach as cothabháil agus forbairt bhonneagar na gcéanna ar na hOileáin Árann, lena n-áirítear obair fheabhsúcháin agus shábháilteachta ag Cé an Chóra, Inis Meáin.

Thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha, mar thoradh ar chomórtas oscailte soláthair poiblí, chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do roghanna feabhsúcháin infreastruchtúir mhara ar Inis Meáin.

Bhuaileann oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe i gComhairle Contae na Gaillimhe go rialta chun an t-abhar a phlé. Tuigim go bhfuil obair mhór déanta ag na hinnealtóirí comhairleacha chun roghanna éagsúla a fhorbairt, a thástáil agus a mheasúnú ar mhaithe le aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh le pobal an oileáin.

Is riachtanas don Mheasúnú Straitéiseach é go ndéanfaí anailís ar gach rogha chun réiteach a fháil ar aon fhadhb feabhsúcháin agus sábháilteachta nó easnamh eile a aithnítear, lena n-áirítear infheistíocht chaipitil san infreastruchtúr, infheistíocht reatha sna seirbhís iompair, nó meascán d’infheistíocht chaipitil agus reatha go bhféadfaí a dhéanamh thar thréimhse.

Tuigim go bhfuil aiseolas agus soiléiriú tugtha ag mo Roinn do Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí ina leith seo, le cinntiú go bhfuil an riachtanas sin á chomhlíonadh ag na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha atá i mbun na hoibre seo.

I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is tairbhí don oileán ina iomláine.

Comment on this