We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Teagasc na Gaeilge

Summary

The Department reaffirmed that Irish should remain central to the curriculum and that exemptions for pupils with special educational needs should be exceptional, based on prescribed criteria and decided by school leadership. Subject teachers remain responsible for Irish education, with special education teachers providing relevant support; special needs assistants have no pedagogical role.

270. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige [66419/26]

Comment on this

271. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige [66418/26]

Comment on this
Michael Moynihan Minister of State at the Department of Education and Youth Fianna Fáil

I propose to take Questions Nos. 270 and 271 together.

Tá an rialtas seo tiomanta ar son tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun a lánacmhainneacht a bhaint amach agus tá roinnt gealltanais i gClár an Rialtais chun an aidhm seo a bhaint amach.

Tá mo Roinn tiomanta go mbeadh an Ghaeilge mar ghné lárnach den churaclam scoile. Is cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus dár n-oidhreacht oideachais í an Ghaeilge, agus leanann a cur chun cinn de bheith mar phríomhthosaíocht againn.

I gcúinsí áirithe, féadfar díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú do dhalta bunscoile nó do scoláire iar-bhunscoile. Tá an t-údarás ag bainistíocht na scoile díolúine a dheonú de réir na gcritéar atá leagtha amach i gCiorcláin 0054/2022 (Bunscoil) agus 0055/2022 (Iar-bhunscoil).

Tá riachtanais shonracha ann do gach critéar nach mór a chomhlíonadh sula bhféadfaidh príomhoide díolúine a dheonú agus seans nach leor riachtanas breise ann féin.

Tá prionsabail na hionchuimsitheachta agus na foghlama difreáilte mar bhonn le sonraíochtaí curaclaim bunscoile agus iar-bhunscoile. Baineann siad le rannpháirtíocht daltaí agus scoláirí i ngach ábhar, an Ghaeilge ina measc. Dá réir sin, moltar do scoileanna deiseanna a sholáthar do gach dalta agus scoláire páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí teanga agus cultúrtha Gaeilge. Ba cheart é seo a dhéanamh a mhéid is féidir agus ar bhealach atá tairbheach, ba cheart é a dhéanamh ar leibhéal atá oiriúnach dá riachtanais foghlama agus chun leibhéal inniúlachta pearsanta a bhaint amach atá oiriúnach dá gcumas.

Tugann mo roinn le fios go soiléir go bhfuil impleachtaí atá an-suntasach go deo ag baint le cinneadh a dhéanamh díolúine a bhronnadh ar scoláire ó staidéar na Gaeilge maidir lena bhfoghlaim/a ndeiseanna fostaíochta amach anseo agus níor cheart díolúintí a dheonú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. De ghnáth, is chun leasa an linbh leanúint de bheith ag déanamh staidéar ar an nGaeilge go dtí leibhéal an chúigiú nó an séú rang ar a laghad sula ndéantar aon chinneadh chun díolúine a dheonú, ionas go mbeidh an deis is mó acu páirt a ghlacadh i bhfoghlaim na Gaeilge.

Ba mhaith liom a shoiléiriú nach bhfuil aon ról oideolaíoch ag Cúntóirí Riachtanas Speisialta inár scoileanna toisc go dtacaíonn siad le scoláirí inár gcóras oideachais a bhfuil riachtanais chúraim aitheanta agus taifeadta acu.

Is iad múinteoirí ábhair na ndaltaí atá freagrach as oideachas na ndaltaí uile, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais foghlama oideachais speisialta acu. Is acmhainn bhreise í an leithdháileadh Múinteoir Oideachais Speisialta (MOS) chun tacú leis na daltaí sin sa scoil a bhfuil riachtanas speisialta oideachais acu.

Leagtar amach go soiléir i dtreoirlínte MOS do gach iar-bhunscoil go bhfuil an fhreagracht ar an múinteoir ábhair maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile i gComhad Tacaíochta an Scoláire agus/nó i bPlean Tacaíochta an Scoláire atá ábhartha agus riachtanach chun pleanáil éifeachtach a dhéanamh don teagasc agus don fhoghlaim ag leibhéal an ábhair phríomhshrutha. Is gá don múinteoir ábhair a chinntiú freisin go soláthraítear clár foghlama agus timpeallacht foghlama do gach duine óg a chuireann ar a gcumas rochtain a fháil ar churaclam leathan agus cothrom, páirt a ghlacadh ann agus a lánacmhainneacht a bhaint amach ann.

Is cinneadh de chuid fhoireann cheannaireachta na scoile é an cinneadh i dtaobh díolúine ón nGaeilge a dheonú ar dhalta más rud é go mbeadh a leithéid chun leasa oideachais an dalta sin. Ní bheadh ról ag an múinteoir oideachais speisialta sa phróiseas sin ach amháin chun aon ionchur cuí a sholáthar chun tacú le próiseas cinnteoireachta na scoile i gcás ina bhfuil riachtanais foghlama oideachais speisialta ag an scoláire.

Tá mo Roinn agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) tiomanta ar son córas oideachais a sheachadadh atá ar an gcaighdeán is airde, áit a mothaíonn gach leanbh agus duine óg go bhfuil luach ag baint leo agus go dtacaítear leo agus go gcothaíodh iad chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Comment on this