Written answer
Na hOileáin amach ón gCósta
The Minister gave no island or Gaeltacht breakdown of the €5 million capital reduction, saying detailed allocations would follow and 2027 funding should suffice.
873. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cé mhéad go sonrach atá le baint ó bhuiséad caipitil na nOileán agus cé mhéad atá le baint ó bhuiséad caipitil na Gaeltachta sa chiorrú atá leagtha amach sa Bhuiséad ar airgead caipitil na Gaeltachta agus na nOileán ó €55,362,000 in 2026 go €50,362,000 in 2027. [72491/26]
Comment on this
Tá leithdháileadh iomlán de €628 milliún faighte ag mo Roinn i gCáinaisnéis 2027, lena n-áirítear leithdháileadh caiptil de €273 milliún. Foilseofar leithdháileadh mionsonraithe de réir fomhír san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe (REV) roimh dheireadh na bliana.
Tá pleananna fíor-uaillmhianacha ag mo Roinn d'fhorbairtí caipitil chun tacú le pobail Ghaeltachta, pobal na Gaeilge agus pobail na n-oileán araon. Maoinítear na forbairtí seo as Clár C de bhuiséad na Roinne - An Ghaeltacht, an Ghaeilge agus na hOileáin. Is fiú a mheabhrú gur tháinig ardú ar an mbuiséad caipitil do Chlár C ó €30 milliún in 2025 go beagnach €55 milliún in 2026. Bhain cuid mhaith den ardú sin le trí phríomhthionscadal infreastruchtúir:
• Cé Inis Oírr,
• An tIonad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, agus
• athfhorbairt shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán mar Ionad Oideachais agus Óige do Ghaeltacht Chonamara.
Rinneadh gealltanas i leith na dtionscadal seo sa Phlean Forbartha Náisiúnta, agus is cúis áthais dom an maoiniú a fháil chun iad a thabhairt i gcrích anois. Táim den tuairim mheáite go mbeidh an t-allúntas caipitil atá faighte ag mo Roinn leordhóthanach le freastal ar riachtanais chlár na Gaeltachta, na Gaeilge agus na nOileán i 2027 agus sna blianta ina dhiaidh sin.