We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Údarás na Gaeltachta

Summary

The Minister gave no specific 2027 capital figure for Údarás na Gaeltachta, but said the department’s €273 million capital allocation would suffice for its Gaeltacht programme.

72. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cárb as a dtiocfaidh an laghdú ar bhuiséad caipitil na Gaeltachta i mBuiséad 2027, agus cad é an buiséad caipitil go sonrach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta in 2027 i gcomparáid le 2026; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [72993/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Tá leithdháileadh iomlán de €628 milliún faighte ag mo Roinn i gCáinaisnéis 2027, lena n-áirítear leithdháileadh caiptil de €273 milliún. Foilseofar leithdháileadh mionsonraithe de réir fomhír san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe (REV) roimh dheireadh na bliana.

Tá pleananna fíor-uaillmhianacha ag mo Roinn d'fhorbairtí caipitil chun tacú le pobail Ghaeltachta, pobal na Gaeilge agus pobail na n-oileán araon. Maoinítear na forbairtí seo as Clár C de bhuiséad na Roinne - An Ghaeltacht, an Ghaeilge agus na hOileáin. Is fiú a mheabhrú gur tháinig ardú ar an mbuiséad caipitil do Chlár C ó €30 milliún in 2025 go beagnach €55 milliún in 2026. Bhain cuid mhaith den ardú sin le trí phríomhthionscadal infreastruchtúir:

• Cé Inis Oírr,

• An tIonad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, agus

• athfhorbairt shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán mar Ionad Oideachais agus Óige do Ghaeltacht Chonamara.

Rinneadh gealltanas i leith na dtionscadal seo sa Phlean Forbartha Náisiúnta, agus is cúis áthais dom an maoiniú a fháil chun iad a thabhairt i gcrích anois. Táim den tuairim mheáite go mbeidh an t-allúntas caipitil atá faighte ag mo Roinn leordhóthanach le freastal ar riachtanais chlár na Gaeltachta, na Gaeilge agus na nOileán, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta, i 2027 agus sna blianta ina dhiaidh sin.

Comment on this