Written answer
Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge
The Minister did not directly confirm whether Budget 2027 would provide additional funding, but outlined existing supports for Irish-language colleges, including higher accommodation subsidies and over €8 million in annual funding. He said the Government would continue supporting the sector.
58. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an féidir leis a dheimhniú nach bhfuil aon mhaoiniú breise curtha ar fáil do mhná tí agus d'earnáil na gcoláistí samhraidh i mBuiséad 2027; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [72994/26]
Comment on this
Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sa Ghaeltacht d'fhoghlaimeoirí idir scoláirí dara leibhéal, mic léinn tríú leibhéal, agus daoine fásta ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus is í an príomhbhealach a dtacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.
Is ar na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil don chóras a bhíonn cúnamh mo Roinne dírithe den chuid is mó. Tá ardú ceadaithe ar an bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta agus coláistí cónaithe a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gcoláistí Gaeilge le roinnt blianta anuas. Níos túisce i mbliana, ceadaigh mé an cúigiú ardú ó 2022 ar an bhfóirdheontas aon-oíche ó €14.50 go €16 agus tháinig ardú ar an bhfóirdheontas do bhrúnna agus coláistí cónaithe ó €10.50 go €12.
Is ionann é sin agus ardú 60% ar an ráta fóirdheontais a íoctar le teaghlaigh agus méadú 140% i gcomhthéacs na mbrúnna agus gcoláistí cónaithe ó 2022 i leith.
Anuas air sin, tá ardú tagtha ar na tionscnamh a cheadaítear faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar a n-áirítear Scéim DEIS Gaeltachta. Cuireadh maoiniú €900,000 ar fáil don Scéim DEIS Gaeltachta in 2025 agus arís in 2026. Seo ardú suntasach ar an gciste DEIS Gaeltachta ó 2024 le leithdháileadh de €400,000.
Tá ardú tagtha chomh maith ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi bheartais eile a thagann faoi scáth Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, lena n-airítear ERASMUS Gaeltachta a thacaíonn le mic léinn tríú leibhéal agus clár oileánda ÁRAINN Gaeltachta a thugann deis do scoláirí scoilbhliain iomlán a chaitheamh ar cheann de na trí oileán Árainn.
Cuireann mo Roinn os cionn €8m ar fáil ar leas na hearnála seo, a bhaineann breis agus 29,000 scoláire leas as, gan trácht ar na coláistí féin agus os cionn 530 teaghlach atá aitheanta faoin scéim. Níor miste a lua go bhfuil an íocaíocht seo sa bhreis ar an táille a íocann na coláistí féin leis an lucht lóistín.
Tá deontas tosaithe aonuaire ar luach suas le €6,000 á chur ar fáil do theaghlaigh nua a chláraíonn faoin scéim nó do theaghlaigh a bhíonn imithe as an gcóras ar feadh cúig bliana nó níos mó agus a dhéanann cinneadh filleadh ar an scéim. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin, mar aon le hábhair ar leith bainteach le lóistín a chur ar fáil.
Leis na beartais seo ar fad, táim sásta go bhfuil cúnamh tairbheacha á chur ar fáil chun cabhrú leis an earnáil seo. Bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach do bhealaí chun cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge. Mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, leanfaidh mé de bheith ag tacú leis an earnáil seo le linn téarma an Rialtais.